Féar, bó agus na síogaí sa tseanchas

‘Is mó a ghéim ná é féin’


Ag caint ar fhéar a bhí muid an tseachtain seo caite. Amharc go bhfuil féar, bó agus na síogaí sa tseanchas. Seo mír as Síscéalta ó Thír Chonaill (in eagar ag Seán Ó hEochaidh, Máire Ní Néill, Séamas Ó Catháin agus foilsithe ag Comhairle Bhéaloideas Éireann) faoi fhéar agus na síogaí, aka, bunadh na gcnoc, daoine maithe, daoine beaga, na huaisle beaga, lucht na mbearad dearga, an slua aerach: “Chualaí mé an seanbhunadh ag rá go minic .... go raibh bunadh na gcnoc chomh fairsing leis an fhéar ag fás, agus nach rabh aon duilleog copóige sa tír nach rabh slua acu ar foscadh fúithi. D’áirmhíodh an seanbhunadh fosta nach rabh aon iarraidh dá ligeadh bó a bheadh ag ingilt séideog aisti nach rabh sí ag séideadh na mílte acu amach as an bhealach aici.”

Anois, bhuel, sin ábhar machnaimh agat an chéad uair eile a fheiceann tú bó sa pháirc agus séideog aisti – na mílte de na daoine beaga ag eitilt leo tríd an aer.

Tá mír dheas in Ó Dónaill faoin bhó. Is ionann “géim bó” agus “low of a cow”.

Scríobhann sé fosta: “Is mó a ghéim ná é féin” – “his bark is worse than his bite”. Lena chois sin, tá “géim bó seisce” aige ar “much cry and little wool”. An gcuirfeadh Béarla Mheiriceá air sin sa lá atá inniu ann mar “all talk and no action”?

READ MORE

Is dócha go léiríonn na focail bheaga sin an bhéim a bhí ag na sean-Ghaeil ar an bhó. Ná bac tafann madaidh; is ar ghéim na bó a bhí a n-aird!

póm