Eagla an domhain ar cheannairí na cruinne

An fhadhb atá ann leis an tSiria ná seo: níl éinne san Iarthar róthógtha leis an réimeas reatha faoi chinnireacht Bashar al-Assad, ach tá faitíos ar a lán daoine go dtiocfaidh dream atá fiú níos measa i réim má chuirtear an ruaig air.

Bhíos féin ag caint le duine anuraidh a bhí páirteach ag leibhéal an-ard sna hiarrachtaí a rinne na Stáit Aontaithe le síocháin a chothú sa réigiún. Ba léir go raibh an dearcadh céanna ag an nduine sin ag an am.

Tá athrú éigin tagtha ar dhearcadh oifigiúil na Stát Aontaithe le tamall anuas, áfach. An rud is mó a chuir as dóibh, ar ndóigh, ná na hionsaithe le gléasanna ceimice a tuairiscíodh ar 21ú Lúnasa seo caite.

Sibhialtaigh a bhí faoi ionsaí i gceantar feirmeoireachta gar don phríomhchathair, an Damaisc, agus tuairiscíodh gur maraíodh na céadta díobh. Dar le
fiosrúchán a rinne na Náisiúin Aontaithe bhí fianaise ann a bhí soiléir sochreidte gur úsáideadh an tsubstaint mharfach Sarain sna hionsaithe.

READ MORE

Ní dúirt an fhoireann fiosrúcháin cé a bhí ciontach agus ní raibh siad in ann a chinntiú ach an oiread cé méid duine a maraíodh; deir na Stáit Aontaithe go bhfuair 1,429 duine bás.

Deir an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Eamon Gilmore, go bhfuil an fhianaise ag tabhairt le tuiscint go láidir gurb iad fórsaí an stáit sa tSiria a rinne an t-ionsaí.

Dar le Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-Moon, b'iad seo na hionsaithe ba mheasa le gléasanna ceimice ó rinne Saddam Hussein slad ar an chathair Choirdíneach, Halabja, i
dtuaisceart na hIaráice sa bhliain 1988.

Maidir leis an tSiria, cé go bhfuil aontacht agus ceannasaíocht lárnach ag fórsaí an rialtais, tá an freasúra scoilte go maith. Tá grúpaí éagsúla ag troid lena chéile agus na céadta marbh cheana féin dá bharr.

Dar le hanailís a rinne na comhairleoirí aitheanta, IHS Jane’s, tá suas le 1,000 eagras míleata i gcoinne Assad agus timpeall leath acu bainteach le al-Qaeda nó dreamanna eile leis an ndearcadh céanna, a bheag nó a mhór.

Ba léir go raibh fonn ar an uachtarán Obama ruathar aeir a dhéanamh ar réimeas Assad le cabhair ó leithéidí David Cameron. Ach ní raibh dóthain tacaíochta ar fáil ó phobal agus córas polaitiúil na Stát Aontaithe ná na Breataine.

Cinneadh stairiúil a rinne parlaimint na Breataine nuair a dhiúltaigh siad tacú le hionsaí ar an tSiria ainneoin go raibh an príomhaire ar son ionsaithe. Déan comparáid idir san agus an seasamh a ghlac na polaiteoirí ag Westminster ar an gcogadh san Iaráic.

Bhí sé spéisiúil an chaoi gur bhain an ceannaire Rúiseach, Vladimir Putin, buntáiste as an scéal. Bhí sé in ann fallaing na síochána a ghlacadh chuige féin – ainneoin an cháil atá air le tamall fada mar “fhear crua” i dtéarmaí polaitiúla agus cearta daonna.

Chas mé cúpla uair, mar chomhfhreagraí gnóthaí eachtracha don pháipéar seo ag an am, ar Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Sergei Lavrov: fear an-chliste agus taidhleoir sofaisticiúil atá ann.

Cé go bhfuil cúpla caibidil fós le scríobh i scéal reatha na Siria, tá níos mó measa ag pobal an domhain ar na ceannairí
Rúiseacha ag an bpointe seo ná mar a bhí ó aimsir Gorbachev ar aghaidh.

Thugas féin cúpla cuairt ar an tSiria ag tréimhse i bhfad níos síochánta ná mar atá ann faoi láthair. An uair dheiridh, sa bhliain 2006, bhíos amuigh sa Liobáin ag tuairisceoireacht faoin ndroch-chás ina raibh na teifigh Phalaistíneacha sa tír sin.

Nuair a bhí mo chuid oibre déanta agam, chaitheas cúpla lá sa Damaisc. Bhí contrárthacht mhór idir staid na bPalaistíneach sa tSiria agus an chaoi ina raibh siad sa Liobáin.

Chuaigh mé go dtí El Yarmouk, fobhaile ina raibh thart ar cheathrú milliún teifeach ina gcónaí. Blianta roimhe sin ní raibh ann ach campa, le pubaill, srl, ach faoin am seo bhí borradh tagtha faoin áit agus a lán siopaí faiseanta ina raibh éadaí agus bróga ar díol. Bhí níos mó cearta ag na
Palaistínigh – go háirithe i réimse na fostaíochta – ná mar a bhí sa Liobáin.

Ag an am sin, bhí an tSiria ag iarraidh turasóirí eachtrannacha a mhealladh go dtí an tír. Áit an-spéisiúil í, ar ndóigh, agus bhí na praghasanna sna siopaí sách íseal.

Ach leis an gcaoi ina bhfuil cúrsaí imithe ó shin, caithfidh go bhfuil an tionscadal san curtha ar an mhéar fhada.