Drámaíocht na Gaeilge i lár an stáitse

Comhdháil Idirnáisiúnta ag Boston College i mBaile Átha Cliath

Ní bréag a rá go bhfuil a cuid fadhbanna féin ag an drámaíocht le fada. Tá aisteoirí agus drámadóirí ann ach níl bun mar is ceart faoin earnáil – in ainneoin iarrachtaí thar na blianta.

Is cúis iontais é gur tháinig drámaí anuas chugainn; cúis níos mó iontais go bhfuil scríbhneoirí sásta go fóill tabhairt faoi dhrámaí a scríobh agus fios acu gur beag seans go bhfeicfear a saothar ar stáitse.

Chuige sin, tá an ollscoil Mheiriceánach, Boston College, le comhdháil idirnáisiúnta faoi dhrámaíocht na Gaeilge a reáchtáil Déardaoin 25ú agus Dé hAoine 26ú, Feabhra, i dTeach Boston College, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath.

Tá an chomhdháil le haitheantas a thabhairt do dhrámadóirí na Gaeilge agus le deis a thabhairt do scoláirí, do dhrámadóirí agus don phobal teacht le chéile chun tuairimí a mhalartú agus chun tús a chur le díospóireacht faoi dhrámaíocht na teanga.

READ MORE

Creideann an tOllamh Philip O’Leary, Boston College, gur “beag plé a dhéantar ar staid, ar fhiúntas agus ar chaighdeán na drámaíochta Gaeilge ó thréimhse na hAthbheochana anuas go dtí an lá atá inniu ann”.

Is é a dhúil agus dúil a chomhghleacaí, an tOllamh Brian Ó Conchubhair, fáil amach cad iad na drámaí “den chéad scoth” agus na drámaí “is fearr” sa traidisiún.

Ach le cois scrúdú a dhéanamh ar an chomhthéacs stairiúil, creideann siad gur chóir aitheantas a thabhairt do dhrámadóirí atá beo go fóill. Dá réir sin, is iad na drámadóirí féin a chuirfidh tús leis an chomhdháil.

Beidh údair na linne seo – Éilís Ní Dhuibhne, Liam Ó Muirthile, Seán Mac Mathúna, Darach Ó Scolaí, Micheál Ó Conghaile, mar shampla – ag léamh as a saothar féin.

Tiocfaidh scoláirí agus lucht critice le chéile ina dhiaidh sin le plé a dhéanamh ar dhrámaí fada.

Beidh ionadaithe ó ollscoileanna Mheiriceá agus na hÉireann i láthair mar aon le baill de chompántais dhrámaíochta.

Scrúdóidh an chuideachta sin drámaí le Máiréad Ní Ghráda, Seán Ó Tuama, Eoghan Ó Tuairisc, Celia de Fréine agus Joe Steve Ó Neachtain gan ach dornán a lua.

Iarcheannasaí TG4, Cathal Goan, a bheidh ina chathaoirleach ar an seisiún deiridh drámatúil, seisiún a dhéanfaidh iarracht tuairimí na rannpháirtithe agus an phobail a thabhairt le chéile.

Moltar go láidir focal a chur ar áit roimh ré: eolas: 01-6147450 nó bircl@bc.edu