Deiseanna damhsa, ceoil agus scríbhneoireachta

Beidh comórtais fidle, cruite, ceol beirte, córacha agus damhsa idir na tíortha Ceilteacha ar siúl le linn na Féile Idirnáisiúnta Pan-Cheiltí i mbaile Cheatharlach i mbliana.

Is idir an Mháirt 18ú agus an Satharn 22ú Aibreán a bheidh an fhéile ar siúl agus tá an coiste in Éirinn ag iarraidh an oiread d’aos dána na tíre a mhealladh agus is féidir.

Dúirt cathaoirleach choiste na hÉireann, Bríd de Róiste, go raibh sí ag iarraidh cur le líon na n-iontrálacha as Éirinn le go mbeadh an chuid ab fhearr de thallann na tíre le feiceáil ag an ócáid.

Tá lucht na féile ag súil leis na míle cuairteoir agus iad ag déanamh ceiliúrtha ar chultúr Ceilteach na hÉireann, na Breataine Bige, na hAlban, na Briotáine, Chorn na Breataine agus Oileán Mhanann.

READ MORE

Beidh imeachtaí ann do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, damhsóirí, filí agus scéalaithe, chomh maith le léachtaí, coirmeacha ceoil agus comórtais éagsúla.

Is í an Aoine 7ú Aibreán an spriocdháta le cur isteach ar na comórtais. Tá foirm iontrála agus tuilleadh eolais le fáil agat ar líne ag www.panceltic.ie. Gearrscéal Tá Conradh na Gaeilge i mBéal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe, ag eagrú comórtas gearrscéalaíochta do scríbhneoirí atá os cionn 18 bliain d’aois.

€300 atá ann mar phríomhdhuais mar aon le corn buan. Tá táille iontrála €10 ann agus tuilleadh eolais le fáil ag gearrsceal@eircom.net