Ceol frithchultúrtha na mBeatles

Bhain na Beatles triail as ceol nua san albam Revolver


Taca an ama seo leathchéad bliain ó shin thaifead na Beatles an t-albam Revolver. Ag briseadh talaimh úir a bhí an ceathrar i gceol an albaim seo.

Bhí siad tinn tuirseach de bheith ag taisteal agus ag seinm beo mar nach raibh siad ábalta a nguthanna féin – ná fiú a n-uirlisí ceoil – a chloisteáil de dheasca screadaíl a lucht leanúna, cailíní óga ach go háirithe.

Nuair a thug siad le fios dá mbainisteoir, Brian Epstein, nach raibh fonn orthu scannán nua a dhéanamh i ndiaidh Help agus A Hard Day's Night, bhí breis ama acu le bheith ag déanamh trialach sa stiúideo ar cheol úrnua.

Faoin am seo freisin, bhí triúr de na Beatles tar éis LSD a thógáil agus bhí tionchar ag an ndruga forbartha comhfheasa seo ar a raibh á gcumadh acu.

READ MORE

Chuir George Harrison an-spéis go deo i gceol na hIndia agus chualathas a leithéid cheana féin nuair a sheinn sé an siotár ar an albam Rubber Soul.

In earrach na bliana 1966 bhí an ceathrar clúiteach sa stiúideo ag cur síos traiceanna. I measc na bhfuaimeanna a d’úsáid siad bhí lúba téipe agus ábhar a thaifead siad droim ar ais.

San amhrán Tomorrow Never Knows, chualathas guth John Lennon le fuaimeanna aisteacha mar chúlra.

Dúirt Lennon gur spreag leabhar Timothy Leary The Psychedelic Experience, bunaithe ar Leabhar Tibéadach na Marbh, an t-amhrán neamhchoitianta seo.

Sheinn Harrison Love You To, le tionlacan uirlisí ceoil na hIndia agus d'úsáid Paul McCartney téad-ochtréad clasaiceach le haghaidh Eleanor Rigby, amhrán faoi dhaoine uaigneacha aonaránacha.

Ina theannta sin chabhraigh George Martin (stiúrthóir ceoil na mBeatles) leo chun féin-traiceáil dúbailte a dhéanamh mar aon le luas malartach téipe.

Ó bhí McCartney go mór i gcoinne LSD a thógáil ag an am sin chum sé amhráin mheidhreacha choinbhinsiúnacha ar nós Good Day Sunshine agus gnáthábhar rómánsach ar nós Here There and Everywhere agus For No One.

Aoir i gcoinne an iomad cánach a íoc a bhí san amhrán Taxman, le George Harrison.

I ndáiríre píre níorbh é an chéad cheirnín sícideileach frithchultúrtha é Revolver.

Conspóid

Chuir an grúpa rac Meiriceánach, na Byrds, an t-amhrán

Eight Miles High

amach in earrach na bliana 1966 ina ndearna Roger McGuinn aithris ar shnagcheol John Coltraine lena Rickenbacker dhá théad déag. Ó bhí trácht ar “high” sa teideal, cuireadh cosc ar an gceirnín sna Stáit Aontaithe.

Bhí rí-rá ann mí Lúnasa na bliana 1966 nuair a dúirt Lennon go raibh tóir níos mó ar an gceathrar ná ar Íosa Críost féin.

Chuir an ráiteas seo olc chomh mór sin ar dhaoine i gcrios Bíobla na Stát Aontaithe gur dhóigh siad albaim na mBeatles go hoscailte agus bhagair an Ku Klux Klan ar na ceoltóirí.

Bhí ar Lennon leithscéal a ghabháil á rá nach raibh i gceist aige masla a thabhairt don chreideamh.

Thaitin Revolver leis na milliúin daoine óga agus thug sé eolas an bhealaigh do ghrúpaí eile dul i mbun taighde sa stiúideo.

Níorbh fhada gur lean rac-cheol sícideileach agus ealaín shícideileach agus bliain ina dhiaidh sin sheol na Beatles an t-albam coincheapa Sgt Pepper's Lonely Heart Club Band le linn 'Shamhradh an Ghrá' i 1967. Ba é sin bliain 'chumacht na mbláthanna'.

Is maith is cuimhin liom féin Revolver.

Agus mé i mo dhéagóir bhí postanna samhraidh ar fáil i monarcha thorthaí Lambes agus chaith mé féin agus mo chairde an lá go léir ag stánú sútha talún.

Nuair a fuaireamar ár bpá tráthnóna Dé hAoine i gclúdach donn faoi shéala guma, rinneamar caol díreach ar Golden Discs chun an t-albam nua a cheannach.

Ceiliúradh 50 bliain Éirí Amach na Cásca an bhliain sin agus séideadh colún Nelson ach níorbh iad sin na clocha ba mhó ar ár bpaidrín ag an am sin.

Ba mhó ár n-aire ar chailíní a chaith mionsciortaí 'hipster,' an t-albam Revolver, agus ceolchoirm na Dubliners in Embankment Thamhlachta.

Lena chois sin, chodail mé féin agus triúr de mo chairde i málaí codlata i ngaráiste carad linn agus d'éiríomar ag breacadh an lae chun taisteal ar ár Honda 50 Cubs go dtí sléibhte Bhaile Átha Cliath chun féachaint ar an ngrian ag éirí thar Bhóthar na Bruíona fad a bhí ceol Yellow Submarine agus Eleanor Rigby inár gcluasa óga.

Seo iad na cuimhní cinn is tábhachtaí agam den tréimhse ailcín sin. Is file dátheangach é an Dr Declan Collinge a bhfuil seacht gcnuasach filíochta foilsithe aige. Is iarmhúinteoir agus iarléachtóir litríochta é freisin, a bhfuil scór téacsleabhar Gaeilge i gcló aige