Capall Caligula agus gnás na polaitíochta

Creideann polaiteoirí go bhfuil cead acu duais a scriobadh leo


Deirtear gur dhein an tImpire Rómhánach Caligula iarracht ar a pheata chapaill féin Incitatus a shá isteach i Seanad na Róimhe.

Nuair nár éirigh leis is cosúil gur dhein sé dia dhe, mar mhalairt ar a bheith ina sheanadóir.

B’fhéidir nár dhrochshóinseáil í, nuair a mheabhraíonn tú duit féin na cúraimí a leagtar ar sheanadóir seachas ar dhia.

Mhaígh Caligula go bhféadfadh sé a chapall álainn féin a chur sa tSeanad mar mhagadh leis na breallsúin ar gá dhó broic leo.

READ MORE

Bhí le tuiscint uaidh go mbeadh oiread céille le seitreach is le gángarach is le gutharnaíl is a bheadh leis na flóisíní fileata ba líofa.

Is é is brí le daonlathas ná go bhfuilimid ar fad sa phuiteach, sa phluda, san abar, rud a thuig pobal an Stáit nuair a vótáil siad ar son an tSeanaid a choinneáil, seitreach ann nó as.

Is é is brí le daonlathas chomh maith ná go dtuigimid do na laigí daonna, go bhfuil na daoine a thoghaimid chomh haineolach linn féin.

An amhlaidh nach raibh a fhios agat go roghnaítear daoine ar son na gcairde atá acu, ar son na gceangal tí is tionsclaíochta a bhfuil siad ina lúib, ar son go ndúirt bean leat go ndúirt bean léi go raibh cara aici a raibh aithne aige ar leasiníon a chuimil le seanchara a bhí ina bhall d’fhine fáil a shiúil amach le neach nach n-ainmneoimid a thug airgead ar láimh d’iarratasóir ar dócha go raibh seans aige seasamh le páirtí a thabharfadh deontas do mhonarchain a d’fhostódh daoine a thabharfadh guth don chara saoil sin a scríobh litir chun go bhfaigheadh neacht mo dhuine thall agallamh a thabharfadh le fios go raibh dóchas éigin ann go bhféadfaí a thuiscint ina chroí go dtarlódh oscailt éigin amuigh ansin ach an dóchúlacht a bheith de réir bhreithiúnais an ESRI agus na gcumann eile sin a bhfuilimid faoina gcúram….

Cá raibh cónaí ort go nuige seo?

An dóigh leat lándáiríre gur ghluais an saol ar bhealach ar bith eile, seachas ar fhiníochas, ar chróiníneachas, ar aitheantas cairde, ar chumann aicme, agus ar an gcaidreamh ba dhlúithe is ba dhéanaí a bhí agat?

An dóigh leat dá mbeinn im chathaoirleach ar an Léigiún Mhuire i mBuiríosa Léith, im stiúrthóir ar Bhanc na hÉireann, im rúnaí ar an gComhdháil Chleite Cuimilte i gClár Chonga Clapaí nach mbeadh claonadh éigin agam ar naomh, ar bhligeard nó ar éadromán a cheapadh chomh fada lem acmhainn?

Nílim á mhaíomh go bhfuil seo ceart, gan amhras.

Gura fada uainn gach caimiléireacht agus cúbláil ach an dóigh leat go ngabhann daoine i sás na polaitíochta ar son na maitheasa poiblí amháin? Go ndéantar na ceapairí bogfhliucha sin i seomraí cúil ar fad, go róstar na cearca rubair sin go léir, go líoractar na clúdaigh litreacha sin gan chrích ar son sláinte an Stáit agus an duine atá thuas a n-ólfar deoch air agus a cheannóidh ceann duitse fan na slí?

An síntear airgead go ciúin i bpócaí domhaine na bpáirtithe polaitíochta ar son do chuntais bhainc a bhochtú, nó go fiú is go mothófá go raibh do dhualgas comhlíonta agat mar shaoránach go slán?

An amhlaidh nach bhfuair Benazir Bhutto cos in airde ó chairde a hathar, nó gur ceapadh Robert Kennedy ina Aturnae Ginearálta gan bhuíochas dá dheartháir, nó bean chéile Mao ina hurlabhraí polasaí i leataoibh óna fear céile?

Ar thug mé le fios oiread na fríde, scrimh na hiongan, broim spideoige féin go bhfuil aon phioc de seo ceart?

Ná damnaítear mé ar son a thaispeáint gurb é seo nádúr na polaitíochta, agus nach móide go mbeidh choíche ar a mhalairt de shlí go hiomlán.

Nuair a chaill Liam Mac Cosgair toghchán 1977, níor chuaigh aon mhoill air oiread dá chairde is dá lucht tacaíochta a stuáil san oiread bord is eagras ab fhéidir leis sular tháinig FF ar ais.

Níor ghabh leithscéal ar bith, ach dúirt go lom gurb é sin a dhéanann tú sa pholaitíocht. Sciobann tú leat duais na bua.

Nár mhacánta go mór é sin ná a bheith ag ligean orainn go bhfuil gach rud oscailte, agus “trédhearcach”, agus ar bhonn ábaltachta?