An t-aisteoir umhal

B’fhearr le Macdara Ó Fátharta ligean don dráma labhairt as a stuaim féin

Chuireas agallamh ar an sáraisteoir Macdara Ó
Fátharta uair amháin cheana timpeall deich mbliana ó shin. Níor thaitin agallaimh leis an uair sin agus is mar sin atá i gcónaí.

“Ní bhíonn aon rud spéisiúil le rá agam. Ní maith liom a bheith ag rá na rudaí céanna i gcónaí,” a deir sé.

Is fear umhal é nach bhfuil aon éileamh aige ar phoiblíocht agus is fearr go mór leis a bheith ag caint ar shaothar dhaoine eile seachas a bheith ag cur síos ar a chuid oibre féin.

Braithim leis go bhfuil sé ar dhuine de na ceardaithe sin a chreideann go gcaillfí cuid den diamhracht a bhaineann lena chuid oibre dá ndéanfadh sé an iomarca scagtha uirthi go poiblí.

READ MORE

Deich mbliana ó shin, bhí scannán nua ó na
deartháireacha Cohen i measc na n-ábhar a tharraing sé chuige chun é féin a fhuascailt ón bpríomhábhar cainte againn – Macdara Ó Fátharta.

An turas seo, b’fhearr leis a bheith ag caint faoi úrscéal nua Colum McCann nó faoi chluiche ceannais iománaíochta na Mumhan.

Ach sara dtugann sé na cosa leis arís, tá mianach agus substaint sa mhéid atá le rá aige faoin aistriúchán ar The Last Days of a Reluctant Tyrant le Tom Murphy atá á léiriú ar stáitse na
Taibhdheirce faoi láthair.

Tá Ó Fátharta ag
aisteoireacht in An Tíoránach Drogallach agus é féin a d'aistrigh dráma Murphy faoi chlann atá scriosta ag an tsaint. An Taibhdhearc a d'iarr air an t-aistriúchán a dhéanamh: "Tá mé ag ceapadh gur léigh mé cúig uaire é. Leis an gcéad léamh, dúirt mé liom féin, ní féidir é a dhéanamh. Léigh mé arís é agus dúirt mé go mb'fhéidir go bhféadfaí é a dhéanamh. Tar éis an chúigiú léamh, dúirt mé, raight, buailfidh mé faoi."

Eipic atá sa bhundráma – athchóiriú ar úrscéal Rúiseach – agus bhí babhtaí ann nuair a chuimhnigh sé ar éirí as an gcúram: “Bhí mé ag iarraidh go mbeadh chuile fhocal dílis do Tom Murphy, duine de mhórdhrámadóirí an domhain. Caithfidh tú do ghlúin a fheacadh don scríbhneoir, d’aon scríbhneoir, ach go mór mór do leithéid Tom Murphy. Tá sé ráite gur ceird inti féin atá san aistriúchán. Níl mórán de déanta agamsa, ach creidim sin anois!”

Tá an bundráma suite "áit éigin faoin dtuath", ach Conamara atá ann san
aistriúchán: "Má tá sé i nGaeilge ní fhéadfadh sé a bheith i mórán áiteacha eile. Is as Oileáin Árann, Conamara mé féin agus sin an tsamhail a bhí agam. Sliabh i gConamara a bhí i gceist agam nuair a bhí sé ag caint ar shliabh agus gleann i gConamara a bhí i gceist agam nuair a bhí sé ag caint ar ghleann. Daingníonn sé in áit ar leith é."

Cé nach gcreidfeadh éinne é a bhíonn ag féachaint air ina ról mar Thadhg dásachtach deisbhéalach Ó Direáin ar Ros na Rún, deir an t-aistritheoir go raibh fadhb leis an nGaeilge chomh maith aige: "Sin rud a thug mé faoi ndeara nuair a bhí mé ag aistriú, cheap mé go raibh mo chuid Gaeilge níos fearr!

"B'éigean dom dul i
dtuilleamaí na bhfoclóirí chun an patois seo atá anois ann a sheachaint. Níl mórán de Bhéarla na hÉireann ann, rud a théann ar ais sa Ghaeilge éasca go leor."

Chabhraigh "cluas an aisteora" leis, áfach: "Ní raibh mé ag iarraidh aon líne
liopastach a scríobh nach mbeinn féin sásta a rá. Bhínn ag rá, ní maith liom go mbeadh an líne sin tugtha dom féin agus mar sin nílim chun é a
thabhairt d'éinne eile!"

Is furasta a thuiscint cad ina thaobh gur cheap an
Taibhdhearc go mbeadh an dráma tráthúil agus a bhfuil de mhacallaí ann den bhorradh agus den lag trá
eacnamaíochta: "Dráma maith ar bith bíonn sé
nua-aimseartha i gcónaí – tá tagairtí sa dráma seo don tsaint, don fhimínteacht Chaitliceach, do pholaiteoirí, glacadóirí, lucht brabúis.

“Is iad na mná na carachtair is láidre agus is fírinní atá ann; is iad na fir na caimiléirí. I ndeireadh na dála, is iad na mná a íocann na billí!”

Is minic daoine ag cáiseamh a laghad drámaí Gaeilge nuascríofa atá ann. An scríobhfadh sé féin ceann? “Bím ag cuimhneamh air,” a deir sé.

Tá léamh suimiúil aige ar an easpa drámaí úra: "Amharclann na Mainistreach,
"amharclann do scríbhneoirí" a bhí ann ó aimsir Yeats agus Synge, ach ní raibh an traidisiún sin againn. Dá mbeadh amharclann ghairmiúil Ghaeilge ann go seasta le linn na mblianta sin ar fad, b'fhéidir go mbeadh ár Tom Murphy nó ár John B Keane féin againn.

"Sin rud nach mbeidh a fhios againn, ach is deacair
traidisiún a thabhairt ar rud nach dtarlaíonn ach uair nó dhó sa bhliain."

Go tobann síneann an t-agallaí támáilte méar i dtreo an ghléis taifeadta. “Tá do dhóthain agat ansin, an bhfuil?” a deir sé le teann dóchais. Cuirim stop leis an dtaifeadadh.

“Ar léigh tú aon leabhar maith le déanaí?” a fhiafraíonn sé.