45ú Grúpa Coisithe le haghaidh a thabhairt ar an Liobáin

Trúpaí le sé mhí a chaitheamh sa Liobáin

Rinne an tAire Stáit sa Roinn Cosanta agus príomhaoire an Rialtais, Paul Kehoe T.D, i dteannta le Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Conor O’Boyle, léirbhreithniú ar thrúpaí an 45ú Grúpa Coisithe ag am lóin ar an Churrach inniu. Tá na trúpaí, faoi cheannas an Leifteanant-Choirnéil Kevin Campion, as Ros Comáin ó dhúchas, le dul amach chun na Liobáine ar ball, áit a gcaithfidh siad sé mhí in oirthear na tíre sin le Fórsaí Eatramhacha na Náisiún Aontatithe sa Liobáin (UNIFIL).

Tagann an Grúpa Coisithe ó Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann sa Churrach (Lár-Tíre) don chuid is mó agus tá siad treisithe le pearsanra as an Aer-Chór agus as an Chabhlach. Bhí paráid, cigireacht agus óráid ón Aire Stáit chomh maith le Máirseáil Thar Bráid sa bheairic mar chuid den ócáid searmanais agus bhí muintir na dtrúpaí i láthair, chomh maith le haíonna.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times