Wigwams, totem poles agus cursai pleanala sa Ghaeltacht

Is cinnte go saothróidh an ráiteas seo a leanas ón Seanadóir David Norris áit dó féin in annála chúrsaí Gaeltachta

Is cinnte go saothróidh an ráiteas seo a leanas ón Seanadóir David Norris áit dó féin in annála chúrsaí Gaeltachta. Agus é ag caint sa Seanad an mhí seo caite, ar seisean: "I learned today that people will be restricted in certain areas of Galway, notably the Gaeltacht, in terms of being allowed to build houses.

It seems that one must now be fluent in the Irish language.

"I am all in favour of the Irish language but that seems to be an extraordinary narrowing of views and damaging to the Irish language because it will create a reservation. Will inhabitants be provided with wigwams and totem poles?"

Léiríonn caint an tSeanadóra an meon ceoch liobrálach go seoigh. Tacaíonn sé leis an teanga i líne amháin agus bréagnaíonn sé í i líne eile. Ar son na teanga atá sé ach tá reservations aige.

READ MORE

(Dála an scéil, cad é go díreach atá contráilte le wigwams? Ní thig linn uilig cónaí a dhéanamh i dtithe Seoirseacha.)

Ní gá don cholún seo a rá gur ag tagairt a bhí sé do chinneadh misniúil Chomhairle Contae na Gaillimhe - ar mholadh ón chomhairle áitiúil Pól Ó Foighil - gan cead pleanála a thabhairt do dhaoine i nGaeltacht Chonamara mura mbíonn Gaeilge acu.

Gach seans go bhfuil Ó Foighil ag fiafraí de féin faoi seo arbh fhiú an tairbhe an trioblóid. D'fhill an colúnaí seo ó shaoire na Nollag agus é ag súil le beart mór preasráiteas ó na heagrais Ghaeilge ag tacú leis an chinneadh nó, ar a laghad, ag léiriú a ndearcaidh faoi. Preasráiteas ná preasráiteas, níor tháinig. Bhodhródh na heagrais chéanna thú lena gcuid cainte faoi bheartanna radaiciúla a dhéanamh ar son na Gaeilge. Déantar ceann agus níl gíog ná míog astu.

Ní hé Norris amháin atá imníoch faoin riail. Cheistigh polaiteoirí Gaeltachta eile a fiúntas. Is gá bheith praiticiúil, a deir siad, agus ceisteanna praiticiúla a chuireann siad. Cad é mar a oibreoidh an córas? Cad is Gaeltacht nó Gaeilge ann?

Ní miste bheith praiticiúil ach ní miste ach an oiread prionsabal a leagadh síos agus tabhairt le fios go soiléir nár cheart go scriosfaí cultúr dúchasach ceantair de bharr gur furasta le daoine ón taobh amuigh cur fúthu ann ná mar atá sé ag daoine ón taobh istigh fanacht ina réigiún féin.

Agus tabhair faoi deara gur taibhse na Gaeilge éigeantaí atá ag cur as do choinsias Norris: "It seems that one must now be fluent in the Irish language."

Beidh eolas níos fearr ar riachtanais teanga ag glúnta Gaeltachta ná an Seanadóir. B'éigean dóibh Béarla a fhoghlaim; ní raibh rogha acu. Caithfidh siad plé le gardaí, lucht leighis, státseirbhísigh agus eile le seirbhísí a fháil. Níl aon "it seems" ina gcás.

Sa leabhar, Reinventing Ireland, scríobhann na húdair Peadar Kirby, Luke Gibbons agus Michael Cronin: "The Irish language which had been consigned along with Faith and Fatherland to the trash-can of late modernity not only did not do the decent thing and die but actually expanded, developed and was taken over by a new generation of younger, mainly urban speakers.

"At one level, this can be seen as a classic centrifugal response to globalising forces in a society, local identities being affirmed as local economies become globalised. At another, however, it is one expression of the need in a society to source elements of a linguistic and cultural past to situate people in the present, a need that has not disappeared with the radical economic changes in Irish society."

Is é an rud atá déanta ag Ó Foighil cosaint éigin a thabhairt don tsochaí shainiúil sin agus don fhéiniúlacht logánta.

Ag scríobh dó sa leabhar céanna, cuireann Peadar Kirby síos ar chultúr in Éirinn chomhaimseartha: "Today's neo-liberal Ireland is very much a foreign country. It offers a more solid economic base and its looser sense of identity has opened spaces of identity for Northern unionists. These are among its great successes.

"But, like the Ireland it replaced, it too is characterised by a great gap between rhetoric and reality. Thus, an all-pervasive rhetoric or multiculturism cloaks the emergence of an ugly racism, a continuing intolerance to the Travelling community and an antipathy in many quarters to the greatest source of multi-culturalism in Irish culture, namely the Irish language."

Déarfainn dá mba rud é gur cinneadh ar an Dánlann Náisiúnta a leagan go talamh agus bloc árasáin a thógáil ina háit go dtroidfeadh go leor daoine i mBaile Átha Cliath go fíochmhar ina éadan - agus an ceart aige. Scrios oidhreachta a bheadh ann.

Ach nach leagadh don chineál ceannann céanna atá ar siúl sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann? San áit gur gníomh ollmhór aonair a bheadh i gceist le scrios foirgnimh, gníomhartha aonaracha leanúnacha atá i gceist le scrios dhánlann na Gaeltachta.

An mbeidh toradh ar obair Uí Fhoighil? Beidh le feiceáil. Ach is léir rud amháin: bhí sé de mhisneach ann an fód a sheasamh.

Is trua nár chuir na heagrais Ghaeilge an trioblóid orthu féin seasamh leis.