Ullmhú teanga

IS IDIR an cheathrú lá agus 17ú Márta a bheidh Seachtain na Gaeilge 2013 ar siúl ar an bhliain seo chugainn

IS IDIR an cheathrú lá agus 17ú Márta a bheidh Seachtain na Gaeilge 2013 ar siúl ar an bhliain seo chugainn. Tá foireann Sheachtain na Gaeilge – Brenda Ní Ghairbhí agus Áine Ní Chuaig – ag obair cheana féin ar an chlár.

Bhí níos mó ná 800 imeacht in Éirinn agus thar lear i mbliana agus tá siad beirt ag iarraidh tuilleadh “imeachtaí spreagúla” a shocrú don bhliain seo chugainn. Cuireann siad fáilte roimh dhaoine nó roimh ghrúpaí dul i dteagmháil leo agus a gcuid imeachtaí teanga a chlárú ar shuíomh Sheachtain na Gaeilge le pobal na hÉireann – agus an domhain mhóir – a chur ar an eolas.

Eolas: 01-4757401 nó eolas@snag.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times