Údar na haibhléise faoi agallamh

Tuarascáil/ Máiréad Ní Chinnéide: Fear a bhfuil níos mó na a chion déanta aige chun a thaispeáint gur féidir cúrsaí teicneolaíochta…

Tuarascáil/ Máiréad Ní Chinnéide:Fear a bhfuil níos mó na a chion déanta aige chun a thaispeáint gur féidir cúrsaí teicneolaíochta a phlé go sásúil i nGaeilge is ea an t-innealtóir, Mícheál Ó Bréartúin.

Tá dhá leabhar scríofa aige ar stair an leictreachais, Sreangscéal (2005) agus Aibhléis (2007), foilsithe ag Coiscéim, agus léiríonn an dá cheann ní amháin gur féidir an t-ábhar a phlé i nGaeilge ach go bhfuil ar chumas an údair eolas a thabhairt ar na cúrsaí seo ar bhealach soiléir soléite sothuigthe don té nach bhfuil mórán cur amach aige nó aici orthu.

Cuntas ar stair luath na teileagrafaíochta atá i Sreangscéal. Stair an leictreachais ó chéadainmníodh é sa 16ú céad suas go dtí 1930í na haoise seo caite atá in Aibhléis. Chomh maith le cur síos ar na fionnachtana móra ag leithéid Volta, Ampere, Faraday, Edison agus Tesca tá cuntas in Aibhléis ar pháirt na nÉireannach i gcúrsaí aibhléise agus mar a dúirt an Bréartúnach ag ócáid sheolta an leabhair: "Ní haon chúis náire dúinn ár bpáirt iontu."

Tá an mórtas cine sin le sonrú ach go háirithe ina chuntas ar ghiniúint, bhreith agus thógáil scéim na Sionainne i 1920í na haoise seo caite agus ar bhunú Bhord Soláthair an Leictreachais, comhlacht ar chaith sé féin breis agus 40 bliain ag obair dó in Éirinn agus thar lear. (Tá cuntas ar ghnéithe den obair thar lear le fáil i leabhar eile dá chuid Gnóthaí Eachtracha, Coiscéim, 2000.)

READ MORE

Thosaigh sé ag cur suime i stair an leictreachais agus é ina mhac léinn innealtóireachta i gColáiste na hOllscoile, BÁC, agus ba é b'ábhar do chaint a thug sé mar reachtaire ag mórchruinniú an Chumainn Ghaelaigh i 1953. Tá blúirí eolais á mbailiú aige ó shin i leith, ina measc sraith litreacha a scríobhadh ag deireadh an 19ú haois agus ceist faoistin ar an teileafón ina hábhar díospóireachta iontu.

Ach is i 2006 a thug sé faoi stair na haibhléise a scríobh i gceart nuair a fuair se coimisiún fial ó Bhord na Leabhar Gaeilge.

Agus an leabhar á scríobh aige b'éigean dó go minic leas a bhaint as na suíomhanna Idirlín focal.ie agus acmhainn.ie chun an téarma ceart Gaeilge a fháil agus molann sé go hard an obair atá déanta ag an Choiste Téarmaíochta sa réimse seo. Níl ann ach corrthéarma a léiríonn, dar leis, nach raibh tuiscint bheacht ag an té a chum an t-ábhar.

Bhí deacracht aige féin focal sásúil Gaeilge a fháil ar an bhriathar "invent" go mórmhór agus é ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir "invent" agus "discover". Ar deireadh, chum sé féin an briathar "airg" ón aidiacht "airgtheach" (inventive) agus is é tá in úsáid aige tríd an leabhar.

Tá téacs Aibhléis agus Sreangscéalta seolta aige go leictreonach go Foras na Gaeilge le cur leis an chorpas atá á chur le chéile ag lucht foclóireachta ansin.

Cé nár seoladh go hoifigiúil é go dtí lár mhí na Samhna foilsíodh Aibhléis cúig mhí ó shin. Is cúis mhíshásaimh don údar, áfach, a laghad siopaí agus leabharlanna ina bhfuil an leabhar ar fáil agus a laghad poiblíochta a tugadh dó, bíodh gurb é seo an t-aon leabhar i nGaeilge, nó i mBéarla go bhfios dó, ar stair ghinearálta an leictreachais.

Ar an Áisíneacht Dáiliúcháin Leabhar Gaeilge (Áis) a chuireann sé an milleán agus tá súil aige agus cúram foilsitheoireachta na Gaeilge le haistriú go Foras na Gaeilge go mbeidh feabhas ar an scéal amach anseo. Ba cheart do Áis, deir sé, "niche-marketing" a dhéanamh ar leabhair den saghas trí aird múinteoirí eolaíochta sna meánscoileanna a tharraingt orthu.

Ní mó ná sásta atá sé ach oiread na leabhair mar Aibhléis agus Sreangscéal bheith le feiceáil ar sheilf na Gaeilge amháin sna siopaí leabhar agus gan iad le feiceáil taobh le leabhair Bhéarla ar chúrsaí leictreachais.

Feictear dó freisin go bhfuil fadhb maidir le léirmheas ar leabhair mar seo. Ainneoin gur léir ó na cainteanna a thugtar go rialta do Chumann na nInnealtóirí, An Roth, go bhfuil líon nach beag d'innealtóirí ann a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, tá aithne acu uilig ar a chéile agus ar an ábhar sin leisce ar aon duine acu léirmheas criticiúil a scríobh ar shaothar duine eile. (Nóta sé líne san iris Comhar an t-aon "léirmheas" a bhí go dtí seo ar Aibhléis.)

Molann sé d'Fhoras na Gaeilge agus cúraimí foilsitheoireachta orthu suíomh Idirlín a bhunú agus grúpa daoine a chur le chéile a bheadh toilteanach léirmheasanna a scríobh don suíomh gan a n-ainmneacha a lua.

Tá Ó Bréartúin go mór faoi chomaoin ag Bord Soláthair an Leictreachais as an chabhair a thug siad dó agus an leabhar seo á scríobh aige agus as breis agus 100 cóip den leabhar a cheannach. Tá aigne oscailte aige faoina bhfuil i ndán don chomhlacht sna blianta atá romhainn ach níl aon amhras ann ná go bhfuil sé thar a bheith bródúil as a bhfuil curtha i gcrích acu go dtí seo.

aibhléis electricity - fionnachtain discovery - idirdhealú distinction
innealtóir engineer - méadú increase - sreangscéal telegram