Tiogar Ceilteach

Tá Tíogar Ceilteach dá gcuid féin ag na hUltaigh anois

Tá Tíogar Ceilteach dá gcuid féin ag na hUltaigh anois. Tá cat fiáin - púma nó pantar, meastar - ar a sheachnadh i dtuaisceart Aontroma.

Creidtear gur peata a bhí sa chat ach gur shaor a úinéir é ar chúis inteacht nach léir go fóill.

Aisteach go leor, cé go gcaithfidh ceadúnas bheith agat le gránghunna a choinneáil sa Tuaisceart, níl ceadúnas de dhíth le cat mór a choinneáil i do theach féin.

Cheana féin, mharaigh an cat mór reithe agus caora. Tá na póilíní a lorg faoi láthair ach níl ag éirí go maith leo go dtí seo.

READ MORE

Mar a tharla, chonaic beirt bhall den PSNI an cat i lár an bhealaigh mhóir agus iad amuigh ar patról.

Ar an drochuair do na caoirigh agus ar an dea-uair don chat, níor scaoil siad é. Léiríonn an méid sin féin titim siar na seirbhíse atá an PSNI á cur ar fáil.

Dá mba rud é gur tháinig an seanRUC ar an chat, is ar spíce i gCaisleán Riabhach a bheadh a chloigeann faoi seo.

Ar ndóigh, tá an pobal thar a bheith amhrasach faoin chat. Cén chrúb lena dtochlaíonn an cat seo? An bhfuil Gaeilge na nGlinntí nó Ultais an Bhaile Mheánaigh aige?

An púma paraimíleata é nó Provo-phantar? Arbh iad seirbhísí rúnda na Breataine a shaor é le haird an phobail a thógáil de na toghcháin nár thoghcháin? An 'weapon of mass destruction' é a tháinig thar sáile isteach ón Libia?