Ta Hutton ag widgeriu

Beocheist: Ar rith na focail "apalling vista" le héinne nuair a chuala siad toradh thuarascáil an Tiarna Hutton? Is iad sin …

Beocheist: Ar rith na focail "apalling vista" le héinne nuair a chuala siad toradh thuarascáil an Tiarna Hutton? Is iad sin na focail chlúiteacha a tháinig ó bhéal breithimh eile agus é ag diúltú d'achomhairc ó Sheisear Bhirmingham.

Bhí an Tiarna Denning ag cur síos ar na himpleachtaí don gcóras dlí agus póilíneachta sa mBreatain dá mba rud é gurbh fhíor na líomhaintí a bhí á ndéanamh acu.

B'fhearr go bhfanfadh siad i bpríosún, dar leis, seachas cur suas leis an damáiste a dhéanfaí don gcóras stáit dá n-aithneofaí go raibh siad neamhchiontach. Léirigh sé coimhlint aigne Ard-bhreithimh a bhíonn faoi chomaoin ag an stát i gcásanna ina mbíonn gníomhartha an stáit faoi scrúdú.

Ag pobal na hÉireann atá fhios níos fearr ná aon dream eile ní amháin nach dtagann an fhírinne i gcónaí amach as fiosrúcháin a dhéanann breithiúna ach is minic a chuirtear an fhírinne as a riocht. An gá fiosrúchán an Tiarna Widgery a thabhairt chun cuimhne? Bhí an fiosrúchán sin faoi eachtraí Dhomhnach na Fola chomh claonta sin go bhfuil an t-iomlan á fhiosrú arís ar chostas ollmhór i nDoire ag an Tiarna Saville.

READ MORE

Chumadh muintir na hÉireann focail as ainmneacha chun rud nua ar leith a chur in iúl. Baghcatt, mar shampla. Is iontach nár bunaíodh focal nua ar ainm Widgery. Bhuel, níl sé rómhall. Bronnaim é seo ar fhoclóir nua na Gaeilge a bheidh cosúil i leagan amach, ta súil agam, le ceann Uí Duinnín: v.widgerím, vn. ag widgeriú, ainmfhocal: widgereacht ... a judicial process of diverting blame away from the government and its servants to the nearest likely suspects; a party game in which one dresses things up to look like other things; a rare fish which lacks any backbone found occasionally in Irish waters; a joke in bad taste (Don. "Shíl mé go raibh sé ag widgeriú" SMacG).

Sea, chailleamar seans cur le saibhreas na teanga i 1972agus nach spéisiúil gurbh ina abhcóide ar son saighdiúirí Briotanacha ag an bhfiosrúchán céanna a bhí an Tiarna Hutton ag an am? Caithfidh sé gur chuir sé go mór le hoideachas an dlíodóra óig bheith ag obair le tiarna dlí a mbíodh an oiread sin measa air.

An fhadhb is mó faoi thuarascáil Hutton gur glacadh leis na téarmaí a leagadh amach dó ón tús. Bhí na téarmaí sin teoranta d'eachtraí ar leith a bhain le bás David Kelly agus sa méid sin, glacadh leis an straitéis a bhí á bhrú ag rialtas na Breataine gach drochghné den gcogadh san Iaráic a fhágáil amach as.

Rinneadh an fiosrú á chaolú go dtí an méid a dúirt Andrew Gilligan taobh istigh de nóiméad amháin go moch maidin amháin.

Ach fiú taobh istigh de na téarmaí sin, chuirfeadh cuid de chonclúidí Hutton cat ag gáire agus is léir go dtuigeann tromlach phobal na Breataine é sin.

Ní haon iontas é go léiríonn na pobalbhreitheanna nach bhfuil aon ghlacadh mór le tuarascáil Hutton. Cad é mar a d'fhéadfadh sé mar shampla a rá nach raibh aon straitéis ag foireann Blair chun ainm Kelly a scaoileadh leis an bpreas?

Dúirt Blair nach raibh aon bhaint aigesean le scaoileadh ainm Kelly ach bhí sé ina chathaoirleach ar chruinniú a phléigh an straitéis chun an t-ainm a phoibliú. Ní bhfuair Hutton aon locht air, cé go raibh a fhios aige gur scríobh Alastair Campbell ina dhialann faoin ngá a bhí leis an ainm a scaoileadh.

Ní raibh a fhios ag rialtas na Breataine, de réir Hutton, go raibh an líomhaint go bhféadfadh Saddam airm léirscriosta a úsáid taobh istigh de 45 nóiméad mícheart agus níor athraigh siad an doiciméad slándála chun cur leis an mbagairt ó Saddam.

É seo agus a fhios againn gur iarr ceann foirne Blair, Jonathan Powell, ar John Scarlett ón gComhchoiste Faisnéise athdhréachtú a dhéanamh ar an gcuid sin de a thug foláireamh go bhféadfadh Saddam úsáid a bhaint as airm cheimiceacha "if he believes his regime is under threat".

Rinne Scarlett amhlaidh, bhain sé amach na focail sin a d'fhág an bhagairt gan choinníoll.

Tá a fhios againn freisin gur iarr Campbell ar Scarlett "may be able" airm léirscriosta a úsáid taobh istigh de 45 nóiméad a athrú go dtí "are able".

De réir Hutton, níorbh ionann é seo agus "sexing up" a dhéanamh ar an doiciméad.

B'fhéidir go bhfuil sé in am focal nua eile a chur le foclóir na Gaeilge: v.huttnaím; vn.huttnú; ainmfhocal: huttnaíocht: to believe without qualificaton in the good intentions of government; to destroy a national institution (see widgerím).