'Spiorad in easnamh ar na páirtithe'

Tuarascáil:   Níl na páirtithe polaitíochta ag feidhmiú de réir "spiorad na reachtaíochta" a bhaineann le hAcht na dTeangacha…

Tuarascáil:  Níl na páirtithe polaitíochta ag feidhmiú de réir "spiorad na reachtaíochta" a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, a dúirt John Walsh, léachtóir le sochtheangeolaíocht ar Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí an Dochtúir Walsh ag tabhairt óráid, "Pleanáil Teanga: Ráiteas an Rialtais agus an Plean Forbartha Náisiúnta", ar chomhdháil "An Ghaeilge agus do Vóta" i mBaile Átha Cliath inné.

Tacaíonn na páirtithe le coincheap na reachtaíochta ach de bharr nach comhlachtaí poiblí iad, níl "aon dualgas reachtúil orthu polasaithe a fhoilsiú go dátheangach, freagra Gaeilge a chur ar litir i nGaeilge, ná scéimeanna teanga a ullmhú chun go gcuirfidís le líon a gcuid seirbhísí dátheangacha. Ach ar rith sé leis na páirtithe polaitiúla céanna, tar éis dóibh tacú le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, go mb'fhéidir gur cheart dóibh féin dea-shampla a thabhairt agus an dátheangachas a chur i bhfeidhm ina gcuid oibre féin? Seo an rud a dtugann an Coimisinéir Teanga "spiorad na reachtaíochta" air, ach is cosúil go bhfuil sé in easnamh, cuid mhór, ar na páirtithe polaitiúla."

Dúirt sé gur scaip Fianna Fáil nuachtán ocht leathanach, The Dublin Voice, ar thithe i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir ach ní raibh de Ghaeilge ar an pháipéar ach "Fianna Fáil" agus "An Taoiseach". Scaip iarrthóirí ó Fhianna Fáil, Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre bileoga bolscaireachta i nGaillimh agus is i mBéarla ar fad a bhí siad. Níl leagan Gaeilge dá suíomh Idirlín ag na páirtithe diomaite de Shinn Féin a raibh méid suntasach Gaeilge ar a suíomh.

Thuig sé go raibh easpa airgid ar na páirtithe ach: "Cén fáth ... nach bhféadfadh aon cheann de na páirtithe an tacaíocht sin a léiriú sa mhargaíocht a dhéanann siad orthu féin agus toghchán ag teacht? An amhlaidh go gceapann siad nach bhfuil aon Ghaeilge ag an bpobal, nach bhfuil Gaeltacht ann in aon chor nó nár chuireadar féin - trína gcuid vótaí Dála - go mór le stádas dlíthiúil na teanga le deich mbliana anuas?

READ MORE

"Cén páirtí a bhfuil oifigeach Gaeilge acu ag a bhfuil tuiscint ar an bpleanáil teanga nó, go deimhin féin, rannóg polasaí Gaeilge?"

Ag caint ar an Phlean Forbartha Náisiúnta, dúirt Walsh gur "feabhas mór" a bhí ann i gcomparáid leis an phlean a chuaigh roimhe. Ní raibh an Ghaeilge ar an trá fholamh an iarraidh seo agus b'údar suntais é na tagairtí don Ghaeltacht agus don Ghaeilge sa phlean cé go raibh imní air nach raibh suim airgid luaite leis an straitéis.

Mhol sé an Rialtas as a dtacaíocht a léiriú "i gcáipéis thábhachtach náisiúnta"; bhí an straitéis 20 bliain agus ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge le moladh fosta.

Bíodh sin mar atá, chreid sé gur ghá gníomhú láithreach le go gcloífí leis an spriocam dhá bhliain a leag an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, amach le straitéis 20 bliain don Ghaeilge a ullmhú.

Ó tharla go raibh Fine Gael in éadan na Gaeilge mar ábhar éigeantach Ardteistiméireachta agus amhras léirithe ag Páirtí an Lucht Oibre i leith an Acht Teanga, d'fhiafraigh sé "an féidir linn brath orthusan chun seasamh le ráiteas rialtais mar seo, agus chun lántacaíocht a thabhairt do straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a réiteofar laistigh de dhá bhliain eile - is é sin, faoi 2009?"

De bharr laincisí ama bheith ar an cholún seo, ní thig linn ach tuairisciú a dhéanamh ar chéad seisiún na comhdhála. Beidh tuairisc eile againn ar an tseachtain seo chugainn.

Cúrsa scannáin

Tá Gael Linn le cúrsaí scannánaíochta trí Ghaeilge a reáchtáil do dhaltaí bunscoile agus meánscoile i ndiaidh go bhfuair siad deontas €172,336 ón Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin: "Togra nuálach é seo a thógann ar obair cheannródaíoch Gael Linn i réimse na meán. Tá dúil as cuimse ag an aos óg i scannáin agus tabharfaidh na cúrsaí nua deis do dhaltaí taithí phraiticiúil a fháil ar an bpróiseas léiriúcháin i suíomh Gaeltachta."

Cuirfidh Gael Linn modúl i ndéantús scannán ar fáil le linn na gcúrsaí Gaeilge samhraidh a reáchtálann siad ar an Eachléim, Gaeltacht Mhaigh Eo, gach bliain.

Lena chois sin, beidh sraith ranganna scannánaíochta trí Ghaeilge gach seachtain ar an Eachléim le linn na scoilbhliana a bheidh dírithe ar dhaltaí na hidirbhliana. Beidh deis fosta ag daltaí bunscoile ó cheantair Ghaeltachta eile agus ó Ghaelscoileanna freastal ar na ranganna seo.

Dúirt Éamon Ó Cuív: "Tá ról tábhachtach ag tionscadail mar seo i gcur chun cinn na teanga, mar go léiríonn siad do dhaoine óga nach bhfuil aon teorainn leis an méid ar féidir a bhaint amach trí mheán na Gaeilge."

Ceardlann leabhar

Beidh Eoghan Ó hAnluain i mbun dhá cheardlann san ardchathair a scrúdóidh an rogha léitheoireachta i nGaeilge atá ar fáil do dhaoine fásta.

Beidh an chéad cheardlann ar siúl i Leabharlann Cathrach Bhaile Átha Cliath, Sráid an Phiarsaigh, Dé Luain ag 6pm agus an dara ceann i leabharlann Ráth Éanaigh, Bóthar Bhinn Éadair, coicís agus an lá inniu ag 6.30pm.

Beidh na hócáidí saor in aisce agus deir na heagraithe go mbeadh siad fóirsteanach do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa nó measartha líofa acu ach caithfidh tú focal a chur ar áit. Eolas: 01-6744876.

Gúrú Conallach

Seolfar cnuasach nua filíochta, Gúrú i gClúidíní (Cló Iar-Chonnachta, €12), le Cathal Ó Searcaigh san eaglais Unitarian, Faiche Stiofáin, Baile Átha Cliath, san oíche amárach ag 6.30pm.

Is é an chéad chnuasach de chuid Uí Shearcaigh le sé bliana. Le blianta beaga anuas, tá an Searcach ag caitheamh seal i Neipeal agus tá an tír sin le sonrú ina chuid filíochta.

Dúirt Ó Searcaigh: "Cé go bhfuil spiorad an tsolais sa duanaire seo tá imní fán dorchadas á léiriú go láidir ann fosta. Tig na dánta seo as duibheagán an dóláis, amhráin bheaga a chanann crá an chroí.

"Tá níos mó d'uamhan an aonaráin agus de bhuairt an tsaoil iontu, sílim, ná mar a gheobhfá de ghnáth i mo shaothar."

cáipéis document - dlíthiúil legal - éigeantach compulsory

feabhas improvement - reachtúil statutory - uamhan fear