Soiléiriú faoi mholadh McCarthy á lorg ag ceannasaí TG4

THUG CEANNASAÍ TG4, Pól Ó Gallachóir, le fios don cholún seo go mbeadh cruinniú á lorg aige leis an Roinn Cumarsáide go luath…

THUG CEANNASAÍ TG4, Pól Ó Gallachóir, le fios don cholún seo go mbeadh cruinniú á lorg aige leis an Roinn Cumarsáide go luath.

Tá sé le labhairt leo faoin moladh atá déanta ag grúpa athbhreithnithe McCarthy go mbeadh ar TG4 díol as an soláthar uair an chloig in aghaidh an lae d’ábhar craolta a fhaigheann an craoltóir Gaeilge saor in aisce ó RTÉ.

Dúirt ceannasaí stáisiún Bhaile na hAbhann go raibh gá le soiléiriú maidir lena raibh foilsithe faoin moladh go dtí seo sula ndéanfadh sé breithiúnas ar an scéal.

Dúirt sé go ndéanfaí teagmháil leis an Roinn Cumarsáide láithreach bonn chun cruinniú a lorg sna seachtainí amach romhainn faoi na himpleachtaí a bhainfeadh le moladh McCarthy.

READ MORE

Faoi láthair, cuireann RTÉ uair an chloig d’ábhar craolta ar fáil do TG4 in aghaidh an lae.

Mar chuid den socrú sin cuireann RTÉ clár nuachta leathuair an chloig ar fáil go laethúil do TG4.

Faoin socrú nua atá molta ag grúpa McCarthy ina dtuarascáil ar acmhainn an Stáit a foilsíodh an tseachtain seo caite, ghearrfaí táille ag rátaí tráchtála ar TG4 as soláthar RTÉ.

Dúirt grúpa McCarthy go gcaithfí an tacaíocht a fhaigheann RTÉ agus TG4 ón státchiste a athmheas sa chás go nglacfaí lena mholadh.

Ní léir fós, áfach, an mbeadh teacht isteach breise ag TG4 chun íoc as soláthar RTÉ nó an bhfuil sé i gceist ag grúpa McCarthy go n-íocfaí an bille iomlán nó cuid den bhille ó RTÉ as an gciste airgid atá faoi láthair acu.

Fógraítear i gclár an Rialtais go bhfuil sé i gceist deireadh a chur leis an gcóras ceadúnais teilifíse mar atá agus Táille Craoltóireachta Uilíoch a thabhairt isteach ina áit.

Ghearrfaí an táille seo ar gach líon tí agus ar ghnónna áirithe sa Stát. Tá sé i gceist ag an Rialtas go mbeadh TG4 á mhaoiniú go hiomlán ón dtáille nua seo. €10.6 milliún an luach a cuireadh ar sholáthar RTÉ do TG4 i 2009 ach bhí foinsí i TG4 ar labhair an colún seo leo in amhras faoin bhfigiúr sin.