Socruithe sochraide - fuair an Ghaeilge bas ar maidin

Socruithe sochraide: fuair an teanga Ghaeilge bás ar maidin de bharr an ghalair anorexia

Socruithe sochraide: fuair an teanga Ghaeilge bás ar maidin de bharr an ghalair anorexia. Fuair sí bás ina haonar tar éis gur theip uirthi díleá a dhéanamh ar an nathaíocht nua-aoiseach. Aistreofar a corp amárach.

Ba é sin go bunúsach a bhí á thuar ag an fhile, Cathal Ó Searcaigh, san aitheasc a thug sé do Pharlaimint na nÓg a bhí ar siúl in Oileán Íle, Albain, ag an deireadh seachtaine.

Agus é ag tacú leis an rún "tá cultúr agus teanga Ghaeil na hÉireann agus na hAlban breá fóirsteanach do riachtanais na linne", chuir an Searcach an teanga i gcomparáid leis an chóras díleá a dhéanann próiseáil ar gach aon rud ó crisps go caviar agus a chaitheann amach aon rud nach bhfuil ag teastáil uaidh.

Dúirt sé go bhfaigheadh an teanga nach raibh ábalta díleá a dhéanamh ar an bhia a chuirtear os a comhair bás den ocras.

READ MORE

"Ná bíodh imní ort, dá bhrí sin, más i microwave a dhéanann tú do chuid brúitín; más thart ar radiators a bhíonn tú ag scéalaíocht; más ar ghettoblaster a éisteann tú leis an sean-nós; más i hacienda leath-Túdarach, leath-villa ceann-tuíach atá cónaí ort. Má thugann tú "staighre beo" ar escalator, "trunca an tsiocáin" ar refridgerator, "scuab an tséideáin" ar Hoover, "An Bonnán Buí" ar do Fiat beag drochdhaiteach buí, "Pangar Bán" ar do tomcat drúisiúil, tá tú ag cur saoithiúlacht do shinsir in oiriúint do riachtanais an tsaoil," a d'inis an Searcach don cheithre scór scoláire a bhí ag freastal ar an pharlaimint, ócáid a d'eagraigh Iomairt Cholm Cille.

Ní gá gur bagairt iad na focail úra Bhéarla atá ag sní isteach sa chaint, ach a mhalairt, dar leis. Dúirt sé, áfach, go mbeadh sé tábhachtach comhréir na Gaeilge a choinneáil i gcónaí.

A mhalairt de phort a bhí ag an iriseoir Alec O'Henley a dúirt nár cheart go mbeadh aon drogall orainn tarraingt go tréan ó thobar an dúchais le focail úra a chumadh a d'fhóirfeadh don tsochaí nua-aimseartha. Measann sé go bhfuil an Ghàidhlig chomh fóirsteanach inniu agus a bhí sí nuair a bhain Roibeard Brúsach úsáid aisti i bparlaimint na hAlban a tionóladh in Earraghàidheal.

700 bliain i ndiaidh na laethanta órga úd, ceapadh O'Henley ina chéad Oifigeach Gàidhlige i bparlaimint úr na hAlban. D'éirigh sé as dhá bhliain ina dhiaidh sin, áfach, ceal tacaíochta. Chuir sé friotal ar fhrustrachas lucht labhartha na Gàidhlige faoina laghad atá déanta ag an pharlaimint úr leis an teanga a chur chun cinn.

Mheas sé nach raibh ach ról siombalach ag an Oifigeach Gàidhlige agus thug an ceapachán leithscéal do na feisirí gan aon pholasaí ceart a chur le chéile don teanga.

Ainneoin an Ghàidhlig bheith ina teanga oifigiúil ag an pharlaimint is suarach an méid Gàidhlige a labhraítear inti, a dúirt O'Henley. Chaill sé a mhisneach nuair a bhí sé ag plé le nithe cosúil le fadhb na madraí a dhéanann a gcac in áiteanna poiblí faoi chaibidil ag an pharlaimint ach gan aon iarracht déanta bille teanga a achtú le stádas agus cearta lucht labhartha na Gàidhlige a chinntiú. Cé go bhfuil oifigeach Gàidhlige úr sa pharlaimint anois níor ceapadh riamh an dara hoifigeach mar a gealladh agus chreid sé go raibh réimse dualgais an oifigigh Ghàidhlige laghdaithe go mór.

Dúirt sé gur chruthaigh taighde eacnamaíoch a rinneadh le gairid, go raibh luach £40m sa bhliain i bhfiontair agus i dtionscadail Ghàidhlige. "Nach mithid do dhaoine, mar sin, éirí as an seanphort úd faoin £13 milliún de chabhair airgid a chaitear le Gàidhlig in aghaidh na bliana.

" 'Cabhair airgid' a thugtar air i gcónaí murab ionann agus "maoiniú", focal neodrach a úsáidtear i gcás gach réimse eile den gheilleagar. Níl a fhios agam cé chomh luachmhar is a bheadh an geilleagar Gaelach dá mbeadh tacaíocht mar is ceart aige?"

Bhí O'Henley den bharúil go raibh an Ghàidhlig i bhfad chun cúil ar an Ghaeilge ó thaobh stádais de. Port é seo a bhí á sheinm arís is arís eile ag go leor de na scoláirí tríú leibhéil a labhair i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Mhol sé gur cheart feachtas bolscaireachta a bhunú ar réalta óga Albanacha ar nós Michael Stewart (imreoir lár páirce le Manchain Aontaithe), atá ag foghlaim na teanga faoi láthair agus Ms Dynamite, ar de bhunadh Beinn nam Faoghla í.

Tá sampla den bhearna idir cur chun cinn an dá theanga le feiceáil go soiléir i gcúrsaí scolaíochta. Dúirt Pilib Mac Cathmhaoil ó Fhorbairt Feirste gur fhreastail seisear dalta ar an chéad bhunscoil lán-Ghaelach a bunaíodh i mBéal Feirste i 1971. Tá dosaen bunscoil Ghaeilge sa chathair anois. Ach níl a mhacasamhail d'fhorbairt le sonrú i gcás na Gàidhlige.

Dúirt Cathy Mary MacMillan, mac léinn aibí a raibh seachtar clainne aici, nár leor na haonaid lán-Ghàidhlige in Albain chun an teanga a shlánú. Ní fhreastalaíonn ach 30 faoin gcéad de pháistí na n-oileán thiar ar na haonaid seo. Is i mbunscoileanna Béarla atá na haonaid suite agus is é an Béarla teanga an chomhluadair a labhraítear i gclós na scoile, a dúirt sí.