Slanu na timpeallachta

Beocheist: Táimid an-tugtha do chaomhnú na timpeallachta ar na saolta seo, is cosúil

Beocheist: Táimid an-tugtha do chaomhnú na timpeallachta ar na saolta seo, is cosúil. Scrios agus léan ar na málaí plaisteacha, a deirimid, tá an timpeallacht á truailliú acu.

I bhfad uainn na loisceoirí uafásacha san go bhfuil sé i gceist ag na húdaráis iad a thógáil in áiteanna éagsúla tríd an tír - féach ar an tionchar a bheidh acu ar an timpeallacht.

Ba chóir go mbeadh náire orthusan a ligeann do na hábhair dhíobhálacha sileadh isteach sna srutháin is sna haibhneacha - agus lán a fhios acu faoin dochar a dhéanann an gníomh don dúlra is don timpeallacht.

Gan trácht ar lucht na dtancaer a aiseagann a gcuid íle isteach sa sáile orainn. Go deimhin - mar a dúirt Easpag Chiarraí faoi na Fíníní fadó - níl Ifreann sách domhain ná an tsíoraíocht sách fada le héiric a bhaint astu!

READ MORE

Seo ceist a bhuaileann orm,áfach - an bhfeiceann daoine an timpeallacht i ndáiríre riamh? Cónaím féin i gceantar atá tuathúil go leor fós, ar bhóthar mór, áit a bhfuil ciumhaiseanna leathana féaracha idir an bóthar féin agus fallaí na ngairdíní.

Bhí an tráth ann nuair a bhí luibheanna cumhra ó áit go háit ar na himill sin, ach is fada basctha agus díothaithe iad acusan a úsáideann ciumhais an bhóthair mar láthair páirceála dá gcuid gluaisteán agus dá gcuid carbhán, in ainneoin a ndóthain spáis bheith acu do na feithiclí ar a sealús féin.

Um an dtaca seo tá an chuid is mó den bhféar scriosta chomh maith leis na luibheanna agus tar éis lá báistí níl idir na tithe agus an bóthar againn ach an láib dhóibiúil. Agus ní léir domsa aon ródheifir ar lucht an bhóthair leis an timpeallacht áirithe seo a chaomhnú.

Abraim, ar ndóigh, nach chuig mo chomharsana féin atáim sa mhéid sin romham. Ní luaim é ach mar shampla; níl amhras orm ach gurb é an cruth céanna atá ar na bóithre in áiteanna eile freisin.

Ach spreagann sé an cheist seo i m'intinn - an é nach mbímid buartha faoi thruailliú na timpeallachta ar chor ar bith nuair is sinn féin is cúis leis? Ná déan aithris ormsa, a mhic, ach fainic go ndéanfá mar a deirim leat?

Ach tá ceist thairis sin agam, áfach. An dearcadh diúltach atá againn i leith na timpeallachta? An é go bhfuilimid chomh buartha san lena cosaint agus leis an ngníomh a bheadh ina dhochar di a sheachaint gur dearmad linn an gá atá ann leis an timpeallacht a fheabhsú ionas gur féidir linn pléisiúr agus tairbhe a bhaint aisti?

Tá ollbhóthar mór le tógáil gar go leor don cheantar seo againne agus níl amhras orm ach gur deineadh Scrúdú um Thionchar ar an Timpeallacht sarar tugadh faoin obair.

De réir mar a fheicim, áfach, an t-aon ní a d'eascair as an staidéar san ná casaoid faoin dochar a dhéanfaí do sheanchaisleán dá dtógfaí stiall amháin den bhóthar ar an ionad a bhí ceaptha dó.

DE réir cosúlachta, níor spéis leis na húdaráis ar chor ar bith an bac a chuirfeadh an bóthar nua ar lucht siúlóide is spaisteoireachta gur nós leo an talamh ard ar an taobh thall den bhóthar a thaithí.

Agus gar go leor don bhóthar céanna tá bloc an-mhór d'árasáin á thógáil agus a chúig nó a sé d'urláir ann. Anois, níl tada agamsa in aghaidh na bhfoirgneamh ard sa chathair, ach nuair a fheicim a leithéid atá i gceist agam anseo á thógáil díreach ag bun na gcnoc, sa chuid is áilne de Chontae Átha Cliath, bíonn amhras nach beag orm faoin dearcadh ar an timpeallacht atá acusan go bhfuil an dualgas leagtha orthu í a chaomhnú.

Tá an-suim agam féin sa tsiúlóid agus na blianta caite agam ag gabháil di. Tráth dá raibh bhíodh na sluaite ag gabháil don chaitheamh aimsire céanna agus bhíodh comrádaíocht eadrainn gur deacair a shamhlú inniu.

Ait go leor, an uair sin ní bhíodh an pobal i gcoitinne chomh buartha faoina sláinte agus atá siad anois agus bhímisne ag siúl ar mhaithe leis an bpléisiúr amháin.

Ach anois - agus gach aon rabhadh is measa ná a chéile againn faoin mbaol atá sa ró-ithe, sa ró-ólachán agus san easpa aclaíochta - ar éigean aird dá laghad ag ár bhformhór ar an mbuntáiste atá sa tsiúlóid dúinn (gan trácht ar an sásamh a bhféadfaimis a bhaint aisti) ach sinn ag briseadh ár gcos ag caitheamh airgid ar áiseanna agus ar ineallra costasacha d'fhonn cruth éigin a chur ar ár gcoirp mheata.

Go deimhin, mar a dúirt an té a dúirt, níl an domhan leathshocair.