Sherlock Holmes agus cas na gcainteoiri caillte

Bhí ceo in Éirinn ach ba chuma le Sherlock Holmes faoi sin

Bhí ceo in Éirinn ach ba chuma le Sherlock Holmes faoi sin. Thaitin an ceo leis; chuir sé Sráid Baker agus Londain i gcuimhne dó agus bhí de bhuntáiste leis an cheo go mbeadh sé ábalta bualadh leis an Aire faoina scáth agus i ngan fhios don saol mór.

D'aimsigh sé an teach cuí agus chuaigh isteach; bhí an tAire ag fanacht leis agus shín lámh ina threo. "Mister Holmes, go raibh maith agat as teacht go hÉirinn. Ba mhór liom do chuidiú."

"Ná habair é, a Aire. Ó chríochnaigh mé m'fhiosrú ar chás chú Baskerville, ní raibh mórán eile idir lámha agam agus caithfidh mé a rá gur chuir mé spéis mhór i do theachtaireacht. Cás thar a bheith saoithiúil é seo agat."

"Saoithiúil agus práinneach," a dúirt an tAire, "tá an fuadach is mó i stair na hÉireann déanta. Tá siad imithe. Uilig imithe. Mo sheacht dtrua."

READ MORE

"Cá atá imithe, a Aire?" a d'fhiafraigh Holmes de agus mhachnaigh an mbeadh sé measúil buille sa bhéal a bhualadh ar Aire le tabhairt air teacht chuige féin.

"Na cainteoirí. Na cainteoirí atá imithe. Milliún go leith acu. Imithe. Gan tásc ná tuairisc. Imithe - mar a bheadh toitíní as tithe tábhairne ann."

"Ní féidir, a Aire," a dúirt Holmes agus a aigne eolaíoch ag corraíocht leis an fhadhb cheana féin, "ní féidir le milliún go leith duine imeacht mar sin."

"Ach is féidir. Tharla sé. Amharc," agus shín sé moll cáipéisí i dtreo an bhleachtaire Shasanaigh. "Amharc agus léigh."

Agus léigh Holmes mar a iarradh air: "Tá milliún go leith cainteoir Gaeilge in Éirinn. Sínithe: Rialtas na hÉireann."

Thosaigh an tAire a gháire os ard: "Há, há, há. Milliún go leith! Milliún go leith! Caithfidh tusa iad a aimsiú. Caithfidh tú. Tá vóta ag na daoine sin. Há, há, há! Aimsigh iad, Holmes, aimsigh iad."

Bhuel," a dúirt Holmes, "cén chiall a bhaineann tú as seo, Watson?"

"Saoithiúil," a dúirt Watson, (comhghleacaí Holmes, chan an léachtóir ollscoile úd) "An-saoithiúil."

"Iontach saoithiúil, a chara mo chléibh."

"Cad é a dhéanfaidh tú, Holmes?"

"Tá sé elementary, a Watson, a rún. Is dream spioradálta iad na Gaeil. Rachaimis go háiteacha spioradálta." Chuaigh Holmes agus Watson suas Cruach Phádraig agus ar oilithreacht go Loch Dearg agus d'fhreastail ar shearmanais Dhomhnaigh thuaidh, theas, thiar is thoir ach níor aimsigh siad na cainteoirí fuadaithe.

"Bhuel, Holmes, cad é a dhéanfaidh muid anois?" a d'fhiafraigh Watson.

"Elementary, a Watson, a chroí. Is dream spórtúil iad na Gaeil. Triallaimis ar áiteacha spórtúla." Agus thriall ach níor aimsigh siad na cainteoirí.

"Agus anois?" a d'fhiafraigh Watson.

"Is dream meisciúil iad na Gaeil. Go háiteacha meisciúla linn," a dúirt Holmes. Ach, faraor géar, ní raibh sna háiteacha meisciúla ach úinéirí uaigneacha pubanna agus gach aon mhallacht faoi "Mhamó Martin" ar a mbéala acu.

"Tá tú buailte, Holmes, admhaigh é. Buailte atá tú."

"Buailte ná buailte, níl mé" arsa Holmes agus é ag triall ar áiteacha saoire mar gur dream spraoiúil iad na Gaeil. Níor aimsigh sé ar thránna an Iarthair iad.

"Dar fia, tá sé agam, Watson. Is mór mo dhíth céille. Is dream léannta iad na Gaeil. Rachaimis go háiteacha léannta." Agus chuaigh - gan de thoradh ar a dtóraíocht ach gur chuir léacht faoi bhriathra sa tSean-Ghaeilge codladh orthu.

Shíl sé gur dhream ocrach iad na Gaeil agus chuaigh go Caifé Trí-D.

"Cá mhéad ceapaire a dhíol sibh inniu?" a d'fhiafraigh Holmes den bhainisteoir. "Is Gaeil nua-aimseartha muid; ní dhíolann muid ach ciabatta," an freagra a tugadh air.

"Ar dhíol tú milliún go leith ciabatta riamh?"

"Stad den amaidí!"

An oíche sin, bhí Holmes ina shuí agus é faoi smúit. "Murach an codlaidín seo, bheadh drochspionn orm, Watson," a dúirt sé. "Tá seo ar chás chomh saoithiúil agus a bhí riamh ann. Conas atá an oiread sin cainteoirí ann ach gan iad bheith le cluinstin in áit ar bith?"

"Mo leithscéal, Holmes," a dúirt Watson, "bhí mé ag amharc ar TG4. Ní raibh mé ag éisteacht leat."

"Dar fia, tá sé agat, Watson."

"Cad? TG4?"

"Ní hé. Éisteacht. Ní cainteoirí Gaeilge iad ach éisteoirí. Tá an cás réitithe."

"Thar barr, Holmes. Ar ais go Sráid Baker linn."

"Beag an baol, Watson. Tá mé ag dul chun na hIaráice. Tá George W ag iarraidh orm airm ollscriosta a aimsiú."

"By Jóv, Holmes."