Seoltaí leabhar

TUARASCÁIL: DÉANFAIDH Leabhair COMHAR ceiliúradh ar “Foghlaim na Léitheoireachta” in Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Parnell, …

TUARASCÁIL:DÉANFAIDH LeabhairCOMHAR ceiliúradh ar "Foghlaim na Léitheoireachta" in Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath, Dé hAoine ag 6pm.

Labhróidh na scríbhneoirí aitheanta – Anna Heussaff, Catherine Foley, Brian Ó Baoill agus Alan Titley – ar litríocht d’fhoghlaimeoirí fásta agus pléifidh siad an borradh a tháinig faoin seánra seo le blianta beag anuas.

Ina dhiaidh sin, seolfaidh Alan Titley leabhar nua d'fhoghlaimeoirí fásta le hAlan Desmond, An Gaeilgeoir Grámhar.

Is é seo an 13ú leabhar sa tsraith d'fhoghlaimeoirí fásta a d'fhoilsigh LeabhairCOMHAR.

READ MORE

Ní i mBaile Átha Cliath amháin a bheidh seoladh leabair, ámh.

Seolfaidh an tOllamh Dónall Ó Baoill leabhar nua tagartha mar a déarfá: cnuasach clíséanna, ciútaí cainte agus frásaí coitianta eile(Coiscéim) leis an mhúinteoir, Seán Mac Cionnaith, ar Choláiste Mhig Aoidh, Doire, ag 8pm oíche Aoine fosta.

Leabhar dátheangach atá ann a bhfuil breis agus 11,000 abairtíní úsáideacha, clíséanna, frásaí, beannachtaí, mallachtaí agus seanfhocail.