Scrúdú Eorpach

BEIDH CÚIG ionad nua scrúdaithe i gCill Chainnigh, i gcathair Chorcaí agus Luimnigh, i gCaisleán an Bharraigh agus i Leitir Ceanainn…

BEIDH CÚIG ionad nua scrúdaithe i gCill Chainnigh, i gcathair Chorcaí agus Luimnigh, i gCaisleán an Bharraigh agus i Leitir Ceanainn ar fáil do dhaoine atá le dul faoi scrúdú Theastas Eorpach na Gaeilge i mbliana.

Ionad na dTeangacha, Ollscoil Éireann, Má Nuad, atá i mbun an teastais agus rinne beagnach 500 duine TEG le linn 2009, teastas a bhfuil sé mar chuspóir aige Gaeilge a theagasc d’fhoghlaimeoirí céim ar chéim.

Tá lucht Mhá Nuad sásta bheith ábalta “seirbhís níos forleithne a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí fásta” agus na hionaid seo anois ar oscailt. Le cois na n-ionad nua in Éirinn, tá ceann úr le hoscailt i Londain.Is í an Aoine 19ú Márta an spriocdháta d’iarratais.

Eolas: www.teg.ie nó 01-7083737