Scríbhneoir do na saolta seo

BEOCHEIST: SA LEABHARLANN phoiblí i mBré a tháinig mé ar An Traimp den chéad uair

BEOCHEIST:SA LEABHARLANN phoiblí i mBré a tháinig mé ar An Traimpden chéad uair. "Scríbhneoir áitiúil," arsa an leabharlannaí, "nó ba ea tráth. Sílim go bhfuil sé ag cur faoi thíos faoin tír anois."

Seo mar a lean mé a scéal. Fear óg is ea an traimp a fhágann Cois Fharraige i lár na 1970í agus a dhéanann aistear trí bliana trí Shasana, trín Fhrainc agus trín Ghearmáin. Tá bliain caite aige ag múineadh i mBaile Átha Cliath, ach is ag sclábhaíocht ar láithreáin tógála, mar oibrí in ospidéal, i bhfíonghort agus i monarcha a chaitheann sé na blianta corraitheacha seo. Mar gheall ar a óige, mar gheall ar an teacht aniar atá sa scéalaí, agus an stíl bheoga lán mionphictiúir agus cuntais ar na carachtair a chastar air, is mó is cosúil le seánra an “scannán bóthair” é ná le seánra dírbheathaisnéis na féintrua.

Fiche bliain ó shin a foilsíodh An Traimple Diarmuid Ó Gráinne, úrscéalaí nua ag an am. An bhliain chéanna nó an bhliain roimhe bhí na leabhair seo againn ó úrscéalaithe nua eile – The Southle Colm Tóibín, Cowboys and Indiansle Joseph O'Connor, Surrogate Cityle Hugo Hamilton, chomh maith leis an úrscéal mór Amongst Womenón scríbhneoir bunaithe John McGahern. An imirce mar théama iontu ar fad, téama nár síleadh a bheadh tráthúil arís blianta beaga ó shin.

Nuair a d'fhiosraigh mé in 'Cúpla Focal', an siopa leabhar Gaeilge ar an mbaile, an raibh aon úrscéalta acu leis an nGráinneach, arsa an fear taobh thiar den chuntar, ar a bhealach breá réidh, go raibh an t-ádh liom mar go raibh dhá úrscéal nua aige, Nead Préachán(2008) agus An Drochshúil(2009). Cheannaíos an péire. Coiscéim a d'fhoilsigh agus fuaireas sóinseáil cúig euro ón nóta 20 a bhí i mo láimh agam.

READ MORE

Tosaíonn Nead Préachán"i dtús an Aibreán sa mbliain 197-" agus cé gur sa tríú pearsa atá sé, d'fhéadfadh gurb é an chéad chuid eile de scéal an traimp é agus é ag cur faoi anois i mBaile Átha Cliath. Coimhlint ina intinn féin idir beirt bhan agus coimhlint i bpáirtí an rialtais idir Seanchán Mac Coise agus Frankie McGuinness. Turas lae ar Bhré i dtús an leabhair, "árasán faoi thalamh" ann agus post múinteoireachta aige ina dheireadh. Réiteach, más ea (agus ceannaire nua ar pháirtí an rialtais).

Sa chéad phearsa atá An Drochshúil,agus cé go bhfuil Dónal ar an bpríomhcharachtar – Feargus a bhí air sa leabhar roimhe, agus go bhfuil 24 bliain idir na heachtraí iontu – an cogadh san Iaraic atá sna cinnlínte anois – b'fhacthas dom go mba chlabhsúr ar thríológ a bhí anseo.

Mar gheall ar an aithne atá agam féin air, chuir mé spéis faoi leith sa gcur síos ar an “abhainn a ritheann trí cheartlar an bhaile…ag machnamh ar choraí crua mo shaoil agus ag dearcadh na n-ealaí ag seoladh go grástúil thar bráid”.

Tá a phost múinteoireachta aige i gcónaí, ach tá sé scartha óna bhean. Aistríonn sé go Raghnallach. Briseann an áilleacht trín gháirsiúlacht, “an chaint ghránna a phioc tú suas sna sráideanna,” mar a thugann a bhean air:

“Leis na smaointe drúisiúla seo a sciomradh as mo cheann, téim ag siúlóid i bPáirc Hoireabard ar an uair bhreá. Tá loch sa bpáirc mar a mbíonn lachain fhiáine ag snámh. Bíonn corrghealt aonair ar mo dhul féin ag grinneadh ar na lachain seo.

“Cheapas dá ndíreoinn m’aird ar na lachain in áit na ngearrchaillí agus a gcuid máithreacha, agus dá dtaithneoinn an solas in áit an dorchadais, go dtiocfadh athnuachan intinne agus corp orm.”

Nuair a fhilleann an reacaire ar Chonamara agus é ag plé arís le cladach is le talamh, feictear go mb'fhéidir go bhfuil réiteach i ndán dó ar deireadh. Agus an "tríológ" léite, scríobhas chuig Diarmuid agus ar chasadh an phoist fuaireas freagra, cóip dá leabhar nua, Ó Rinn go Sáil – Dialann Tuaithe.Leabhar thar a bheith taitneamhach.

Dhá gheimhreadh agus an samhradh eatarthu. Chuirfeadh sé That they may Face the Rising Sunle John Mc Gahern (Faber and Faber 2002), i gcuimhne duit, na carachtair – Bin Laden agus An Fear Fada – a thagann isteach ar cuairt, an imní agus an gliondar a bhaineann le beithígh agus le giollaíocht gamhna.

Níl sna ceithre leabhar atá luaite anseo ach cuid bheag de shaothar Uí Ghráinne. Luafainn freisin An Dá Mháirtín(Comhar, 1990) cur síos comhráitiúil ar ghearrscéalta an Chadhnaigh agus Céard a Dhéanfas tú Anois(Coiscéim, 1997), a chuid gearrscéalta féin.

An tráth seo bliana agus leabhair á mholadh le tabhairt ar saoire, dhéanfainn iontas mura bhfuil leabhar do gach léitheoir ag an scríbhneoir bisiúil seo.