Scoil teanga i measc na nAlp

Tuarascáil: Seo an t-am den bhliain a mbíonn scoileanna samhraidh agus coláistí samhraidh ar siúl sna Gaeltachtaí agus áiteanna…

Tuarascáil: Seo an t-am den bhliain a mbíonn scoileanna samhraidh agus coláistí samhraidh ar siúl sna Gaeltachtaí agus áiteanna eile ar fud na hÉireann.

Ach bíonn an rud céanna ar siúl i dteangacha mionlaigh eile ar fud na hEorpa: i dtír na Rómainise san Eilvéis, mar shampla.

Tá mé féin ag freastal ar an scoil is mó díobh seo, i mbaile Laax i measc na nAlp. Tá mé ag foghlaim na Rómainise le trí bliana anuas.

D'fhreastail mé ar chúrsa a chuirtear ar fáil do lucht foghlama fásta i gcathair Chur ag an Lia Rumantscha, "Conradh na Gaeilge" na Rómainise.

READ MORE

Tá foghlaimeoirí de gach sórt in éineacht liom anseo. Tá lucht ollscoile ann, daoine ón Ghearmáin san áireamh. Ach don gcuid is mó is gnáthdhaoine iad: duine atá pósta le Rómanach, cuir i gcás, nó duine atá ina chónaí i mbaile Rómanach. Tá múinteoirí scoile ann a bhíonn orthu an teanga a mhúineadh mar dhara teanga.

Tá timpeall 70 foghlaimeoir ag freastal ar an scoil seo ar fad. Bíonn an scoil samhraidh ar siúl ar feadh coicíse. I rith an lae bíonn ranganna ar siúl do shé leibhéal fhoghlama, ó lucht an "chúpla focal" go dtí daoine atá oilte go maith ar an teanga.

Ar an ardleibhéal, mar a bhfuilim féin anois, táthar ag plé le cruinneas na teanga, leis an litríocht, an stair agus an dúchas.

Tagann scríbhneoirí, iriseoirí agus ollúna ar cuairt chugainn. Pléann siad ceisteanna i saol na teanga linn. Gach oíche sa tseachtain bíonn léachtaí agus scannáin á léiriú ar ghnéithe áirithe de chultúr na Rómainise agus a cuid "Gaeltachtaí" i measc na nAlp.

Tugadh cuireadh dom an léacht tionscnaimh a thabhairt i mbliana. Labhair mé ar stair teangeolaíochta na Rómainise, ábhar a chuireas i gcomparáid le stair an léinn Cheiltigh.

Bhí orm an chuid is mó den léacht a thabhairt i nGearmáinis, ní i Rómainis, toisc an oiread sin tosaitheoirí bheith ann i measc an lucht foghlama - glactar le daoine atá ar fíorbheagán Rómainise anseo.

Chuir rannpháirtithe na scoile sárspéis san méid a bhí á rá agam faoi Éirinn agus faoin Ghaeilge. Is maith le lucht teanga mionlaigh amháin eolas a fháil ar shaol agus dheacrachtaí lucht teanga mionlaigh eile.

Ó thosaigh an scoil, tá iriseoirí de chuid nuachtán na Rómainise agus fiú na Gearmáinise tagtha chugainn chun féachaint ar imeachtaí na scoile agus an scéal a thuairisciú.

Rud a chleachtar go mór anseo ná an chantaireacht. Is breá le lucht na Rómainise bheith ag canadh. Tá cór amháin ar a laghad i ngach sráidbhaile.

Faighimid ceacht amhránaíochta agus bímid ag canadh i Rómainis anseo gach lá. Ní bhímid istigh ag foghlaim an t-am ar fad ach oiread. Lá amháin chuamar amach ar turas lae ar fud Surselva (sin "Gaeltacht" mhór na Rómainise ina bhfuil Laax suite).

Thugamar cuairt ar bhaile stairiúil Disentis/Mustér. Disentis an t-ainm Gearmáinise air, ó bhí díseart naoimh Sigisbert ansin, agus Mustér an t-ainm Rómainise, ó bunaíodh mainistir ann sa Mheán-Aois atá ann go fóill.

Tá "Gaeltachtaí" na Rómainise i riocht réasúnta maith maidir le caomhnú agus cothú na teanga de. Tá an Rómainis á chleachtadh ag an aos óg mar a chleacht na glúnta rompu í.

Agus tú i Surselva, is beag teanga a chloiseann tú á labhairt i do thimpeall ach Rómainis, agus fiú amháin i gcathair Chur, mar a bhfuil an Ghearmáinis in uachtar, cloistear a lán Rómainise á labhairt ar an tsráid freisin.

Caithfear a rá go bhfuil uimhreacha lucht na Rómainise ag titim go mall ó thaobh an daonáirimh de. Tá an iomad daoine ann a fhágann an baile, a théann ag obair i Zürich, a phósann ansin agus nach dtagann ar ais go deo.

Téama amháin atá á phlé anseo faoi láthair ná an scoil dátheangach. I nGaeltachtaí na Rómainise, foghlaimíonn na páistí Gearmáinis mar dhara teanga agus bíonn siad beagnach dátheangach agus an scoil críochnaithe acu.

Ach tá roinnt bailte móra ar imeall Ghaeltacht na Rómainise a bhfuil cuid mhaith de lucht na Rómainise ina gcónaí iontu, ach a bhfuil an Ghearmáinis mar theanga na scoileanna iontu.

Táthar ag iarraidh anois scoileanna dátheangacha a dhéanamh astu seo, ionas go mbeadh an dá theanga, Rómainis agus Gearmáinis, ar comhchéim.

Tá an turasóireacht ina tionscal mór anseo i Surselva mar atá ar fud na hEilvéise. Tá an turasóireacht níos tábhachtaí anois d'eacnamaíocht na Surselva ná an bhfeirmeoireacht traidisiúnta féin - cé nach mbíonn an turasóireacht rómhaith don teanga.

Lucht na Gearmáinise is mó a thagann ar cuairt, agus ceannaíonn siad tithe agus árasáin saoire. Tagann lucht Gearmáinise agus eachtrannaigh eile freisin chun bheith ag obair sna hóstlanna móra nach mbíonn suim ag a bhformhór acu i bhfoghlaim na Rómainise.

Ba mhaith leis na Rómanaigh leas a bhaint as an turasóireacht agus a dteanga agus a ndúchas a chur in iúl do na turasóirí ó thíortha eile agus ón Eilvéis féin.

Bhí scéim ag fear gnó amháin ar na mallaibh laethanta saoire "eachtracha" a chur ar fáil do thurasóirí anseo agus pubaill Indiacha á chur suas dóibh i rith an tsamhraidh agus íoglúanna Eiscimeacha i rith an gheimhridh.

"Ach níl ciall ar bith leis sin," arsa Francestg Friberg, múinteoir agus riarthóir na scoile samhraidh. "Is sinne na hIndiaigh anseo, agus ba chóir dúinn ár slí beatha agus gach a bhaineann léi a chur os comhair na ndaoine."

Sin í an cheist a chuir Francestg orainn mar ábhar smaointe sa rang inniu: conas is féidir ceantair na Rómainise a chaomhnú ó thaobh teanga agus dúchais de, agus, ar an taobh eile, a chur ar bóthar a leasa eacnamaíochta tríd an turasóireacht?

Agus conas is féidir an turasóireacht agus an dúchas bheith ag obair as lámh a chéile, in ionad bheith san iomaíocht lena chéile?

Ach is dócha go bhfuil cainteoirí gach teanga mionlaigh ag iarraidh an cheist sin a fhreagairt i gceart, lucht na Gaeilge in Éirinn san áireamh.