Qusay agus Uday

Crobhingne: Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday, mharaigh siad go leor daoine eile freisin

Crobhingne: Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday, mharaigh siad go leor daoine eile freisin. Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday, mharaigh siad an leanbh sa bhroinn agus an duine nach ndúirt focal crosta le neach beo riamh.

Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday, mharaigh siad an mháthair agus a cuid páistí a d'fhan istigh in ia an tí mar chosaint ar na buamaí amuigh.

Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday, mharaigh siad an t-athair nach raibh de phléisiúr sa tsaol aige ach peil a imirt lena chlann mhac agus scéalta a insint dá chlann iníon.

Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday, mharaigh siad an múinteoir a bhí ag iarraidh eolas a scaipeadh, solas a chaitheamh ar intinn na n-óg ionas go siúlfadh siad ar bhóthar na maitheasa, agus d'fhonn amhras a chothú timpeall ar chórais dhochta dhaingne ollsmachtúla an tsaoil.

READ MORE

Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday, mharaigh siad an páiste a bhí amuigh lena bhalún bán á scaoileadh chun na spéire agus a raibh a chreideamh aige san ghrian, san dóchas, agus san aimsir fháistineach.

Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday, mharaigh siad, leis, an t-ábhar dochtúra a chneasódh cneá.

Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday gan chúirt, gan triail, mharaigh siad an déagóir ar dia aige David Beckham, agus nár iarr de shonas ach a bheith ag éisteacht le Robbie Williams.

Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday gan chúirt, gan triail, in aghaidh an dlí idirnáisiúnta, mharaigh siad freisin an ceoltóir a raibh líne dhíreach chun Dé aige, a líon an t-aer le siansa an aoibhnis, a mhúscail mianta gan tús gan chrích i gcroíthe an phobail, a thabharfadh síocháin ar thalamh ó neamh dá mairfeadh, dá mairfeadh an cúpla bliain eile sin a dheonaigh Dia, ach gur tuairim eile níos láidre ná sin a bhí ag an mBlár Cogaidh agus ag an Sceach Thine dó.

Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday gan chúirt, gan triail, in aghaidh an dlí idirnáisiúnta nuair ab fhéidir iad a ghabháil go furasta, mharaigh siad ar a gcor an bhean déirce leathchosach ar chúinne na sráide nár dhein d'olc riamh ach a lámh a chur amach ag lorg aisce ar dhaoine ba mhó gustal ná í, agus ar eiseamláir í a cuid misnigh in aghaidh na hanachaine, ach a raibh gáire aici a líon an t-aonach le háthas agus a ghuigh rath Allah ar gach n-aon a chabhraigh léi, ach má dhein d'fhág sé ise in áite na feoirlinge ar reilig an bhóthair.

Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday a ndeirtear linn gur bharbaraigh fhuilchraosta ainiochtmhara ba ea iad, mharaigh siad chomh maith céanna an bhunóc sa chliabhán a dtarlódh sé ar ndóigh go mbeadh sé chomh barbartha céanna agus go gcuirfeadh sé scian le naimhde agus go gcaithfeadh sé mná pósta le balcóin oíche a bpósta agus go n-imreodh sé pianpháis ar pheileadóirí nár dhein an bheart, agus a mharódh a ngaolta fola féin le taitneamh is le gean, tharlódh gur mharaigh siad bunóc mar sin, is féidir gur tharla gur mharaigh siad bunóc mar sin i measc na mbunóc iomadúla a mharaigh, is féidir, is féidir.

Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday, mharaigh siad, gan amhras, na mílte eile de chosa gan áireamh, daoine nach bhfuil lua againn ar a gcuid ainmneacha, agus dá mbeadh nach bhféadfaimis iad a rá le teann aineolais, mharaigh siad an file gan mheadaracht, an cúipéir agus a bhairille, bean na leathshnáthaide, siúinéir an chip, banaltra na mbindealán, an teangeolaí neamhbhalbh, an breitheamh binseach, an bhean chabhrach nach bhféadfadh cabhrú, an gabha neamhGhaelach, an bearbóir gan sobal, an slinneadóir a mbeadh mórán oibre ann dó gan mhoill, an saor nach bhfuair conradh ar atógáil na tíre, an sagart dúchais a thuillfeadh go leor ar mhargadh na gcorpán.

Cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday agus gur cuireadh a gcorp i bpoill thirime i lár an ghaineamhlaigh agus go mbeidh uaill a gcuid uafáis ag sonadh os cionn na n-uaigheanna sin go ceann i bhfad, cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday le cabhair airgid fola agus ola, cé gur mharaigh siad Qusay agus Uday ar a seal agus ar a seans, is iad na daoine eile seo thuas gan trácht gan tuairisc a dhorchóidh spéartha Mheiriceá agus a dheargóidh léarscáil an domhain sna glúine atá amach romhainn.