Polasaí eachtrach agus ceoldráma

Beocheist/Art O Maolfabhail: Leag me cos ar mhór-roinn na hEorpa den chéad uair breis agus 50 bliain ó shin

Beocheist/Art O Maolfabhail:Leag me cos ar mhór-roinn na hEorpa den chéad uair breis agus 50 bliain ó shin. Ar bháid agus ar thraenacha ó Bhaile Átha Cliath a thaistil mé, trí thíortha nach bhfaca mé riamh roimhe - Sasana, an Fhrainc, an Eilvéis. Shroich mé Salzburg san Ostair ar 6ú Eanáir 1957.

B'fhéidir go measfaí inniu gur ar saoire sciála a bhí mé, ach ní hamhlaidh a bhí. Bhí mé le freastal ar chúrsa staidéir ar pholasaí eachtrach Stáit Aontaithe Mheiriceá i dteannta leathchéad duine eile.

Foras príobháideach sna Stáit a mhaoinigh an cúrsa, a roghnaigh na scoláirí, a sholáthraigh an fhoireann teagaisc agus a d'íoc gach costas seachas taisteal.

Cúrsa míosa a bhí ann, tréimhse oiriúnach le haithne a chur ar dhaoine. Bhí na himeachtaí uile, léachtaí, béilí agus leaba á soláthar in áras mór maiseach a thóg Easpag Salzburg sa bhliain 1736.

READ MORE

B'as ollscoileanna sna Stáit an fhoireann. B'as Eoraip theoranta na scoláirí, is é sin, ní raibh éinne ó na tíortha Cumannacha ann, ón Spáinn, ón Phortaingéil, ón Ghréig, ná ón Eilvéis.

Mar sin féin, bhí dosaen tíortha againn ann, agus an Béarla againn a bhí éigeantach. Scrúdaíomar NATO agus Comhaontas Bharsábha agus polasaí na Stát Aontaithe sa Chian-Oirthear; agus cúrsaí IBM (Intercontinental Ballistic Missiles).

Ag an am sin, Eanáir 1957, ní raibh cogadh na Stát Aontaithe i Vítneam tosaithe, ná ní raibh Fidel Castro fós tagtha i réim i gCúba. An bhliain roimhe sin chuir an Bhreatain, an Fhrainc agus Iosrael cogadh ar an Éigipt, agus dá bharr b'éigean do phríomhaire na Breataine, Anthony Eden, éirí as oifig nuair nach rabhamarna i Salzburg ach le trí lá.

Tá an foras sin sna Stáit Aontaithe fós ar bun faoin teideal Salzburg Global Seminar. In Eanáir na bliana seo, 2008, agus é ar intinn agam cuairt a thabhairt arís ar an Ostair, scríobh mé chucu á rá nár mhiste liom athchuairt ar an bhfoirgneamh go bhfeicinn mar atá sé anois. Fuair mé freagra croíúil ar an teileafón á rá go mbeadh fáilte romham.

Dhá uair an chloig agus cúig nóiméad san aer a ghlac sé orainn dul ó Bhaile Átha Cliath go Salzburg. A mhéid sin is cóngaraí sinn don mhór-roinn inniu.

Ba dheas siúl arís cois Salzach (Abhainn an tSalainn) trí shráideanna Salzburg (Cathair an tSalainn) mar a raibh tionscal bríomhar salainn 1,000 bliain roimh Chríost.

Glaoch teileafóin chuig Schloss Leopoldskron agus socraíodh coinne. Chuir Ian Brown, bainisteoir, fáilte romhainn. Tá an Schloss (caisleán) mar a bhí leathchéad blian ó shin, istigh agus amuigh, an maisiú rocócó i réim i gcónaí.

Thug Ian ar fud an tí sinn. Thaispeáin dúinn na máchailí a d'fhág buama Meiriceánach sa seomra Síneach le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Éireannach, an tEaspag Feargal, nó Virgilius mar a thugtar air i Laidin na hImpireachta Críostaí Rómhánaí, a bhunaigh Ard-Eaglais Salzburg sa bhliain 767. Insíodh dúinn gur scrios buamaí Meiriceánacha cuid mhór den Ard-Eaglais in 1944.

Tá an chuma ar an scéal seo go raibh polasaí eachtrach na Stát Aontaithe do mo leanúint. Bhí ticéid againn do cheoldráma in Wien a ceannaíodh mar bhronntanas dúinn. Ní raibh rogha ceoldráma ann. Ba iad na ticéid dheireannacha a bhí ar fáil. An ceoldráma: Madame Butterfly le Puccini.

An scéal: an Leifteanant Pinkerton, fear geal macánta i gCabhlach na Stát Aontaithe, a phósann bean Seapánach i gcathair Nagasaki. Déanann torrach í. Aistrítear an long ar a bhfuil sé.

I gcionn trí bliana tig sé lena bhean chéile cheart gheal Mheiriceánach chun a mhac leis an bhean sealadach Seapánach a thabhairt leo chun na sibhialtachta. Cuireann máthair an mhic lámh ina bás féin.

Léiríodh an ceoldráma seo den chéad uair i Milano 1904. Bliain agus 40 ina dhiaidh sin, le linn an chogaidh dhomhanda, agus go maith laistigh de réimse saoil na ndaoine a ghlac páirt sa chéad léiriú, bhí cathair Nagasaki na Seapáine ina smól dóite ag buama adamhach na Stát Aontaithe.

Na mílte loiscthe. Ar ndóigh, sa chogadh céanna, rinne buamaí na Stát Aontaithe a lán dochair do Milano féin.

Bhí mórán Seapánach i láthair san amharclann an oíche a rabhamarna ann. An amharclann féin, an Staatsoper, scrios buamaí Meiriceánacha í in 1945 agus atógadh í.

Is beo i gcónaí do mo shuim i bpolasaí eachtrach na Stát Aontaithe.