Paidir chapaill

An Peann Coitianta: Scríbhneoir ab ea Guy de Maupassant gur thugas gean dó láithreach nuair a léigh mé den chéad uair é, tá …

An Peann Coitianta: Scríbhneoir ab ea Guy de Maupassant gur thugas gean dó láithreach nuair a léigh mé den chéad uair é, tá breis agus 30 bliain ó shin ann.

É ar dhuine den bhuíon scríbhneoirí sin sa bhFrainc a tháinig chun cinn sna sála ar fhorbairt mhór na nuachtán sa 19ú haois. Chruthaigh sé léitheoirí dá chuid scéalaíochta, agus tháinig na leabhair ina dhiaidh sin. D'fhorbair sé foirm an ghearrscéil féin sa teilgcheárta, de thoradh an chaidrimh idir an scríbhneoir agus a chuid léitheoirí.

Ba chuimhin liom, agus an Cadhnach á léamh agam thart ar an am céanna, suntas a thabhairt don rian a d'fhág Maupassant go follasach air. Go deimhin féin, saghas aistriúchán ar Mhaupassant i gan fhios ab ea roinnt den stuif a bhí ag an gCadhnach a mheasas. Murarbh ea, bhí macallaí láidre Maupassant i saothar an Chadhnaigh. Ná ní á chasadh leis atáim, ar ndóigh. Bímid go léir ag análú gráiníní agus cáithníní óna chéile. Seans maith, leis, gur thuig an Cadhnach an próiseas níos fearr ná éinne, agus gur bhain sé leas comhfhiosach as Scéala Éireann chun foirm Cré na Cille a thabhairt chun cinn trí mheán an nuachtáin sin. Bhí, ar a laghad, glúin léitheoirí aige a bhainfeadh solamar as an bhfriotal aige.

Nuair a d'iarr Breandán Ó hEithir orm i ndeireadh na 1980í, sealaíocht a dhéanamh air sa nuachtán seo, chuimhníos ar eiseamláir Mhaupassant. Is é sin, gurbh fhéidir caidreamh a bhunú idir an focal scríofa agus buíon léitheoirí. Gan spéis ar leith agam sa ghearrscéal ná in aon chatagóir áirithe liteartha a shaothrú, ach foirm éigin a chruthú a bheadh ag teacht le riachtanais spáis nuachtáin, a sheasódh i lár an aonaigh, agus a bheadh iomlán inti féin. Agus a léifí. Uaireanta, bhraithfeadh a leithéid d'fhoirm ar an "nóiméad cinniúnach" l'instant décisif ag an bhfótagrafaí Henri Cartier-Bresson (féach Le Monde 28.05.2003). Amach as gníomh na scríbhneoireachta féin a thiocfadh an "nóiméad cinniúnach", is é sin, mar a bheadh dán á scríobh.

READ MORE

Bhíodh Breandán den tuairim nár leor obair neambhuan an nuachtáin mar dhintiúirí sainiúla an fhíorscríbhneora agus nár mhór saothar níos buaine a sholáthar ina dhiaidh sin. An tuairim a bhí agam féin, ná gurbh fhéidir foirm go raibh saintréithe buana ag baint léi a fhorbairt i nuachtán. Bhíos den tuairim gur ón mbarr anuas a bhí foirmeacha liteartha á mbrú ar an nGaeilge, agus nach mar sin a fhásann aon litríocht aiceanta. Sochaí fhorlámhasach amháin a chothaíonn a leithéid.

Tá folláine ag baint le scríbhneoireacht do nuachtán. Ní bhíonn aon bhreall ort maidir le fiúntas blúire scríbhneoireachta. Bíonn fhios agat féin é. Fuaireas féin oiliúint liteartha agus iriseoireachta, agus dúil mhillteach ag cuid den ghlúin agam féin i nGaeilge na Gaeltachta - 'real Irish'.

Thuigeas sna déaga dom, de thoradh caradais le fear sinsearach i nuachtán, gurbh fhéidir ceird na hiriseoireachta a chleachtadh. Cheannaíos mo chéad chlóscríobhán agus eagrán de de Bhaldraithe le pinginí a thuilleas uaidh i mbun altanna do Agus a aistriú dó. Nuair a chuimhním siar anois air, is geall le heachtra aimsir na hÁirce é.

Bhaineas taitneamh ar feadh i bhfad as an gcolún seo. An burla litreacha is mó riamh a fuaireas ó léitheoirí, thángadar sna sála ar bhlúire dar teideal "Ó, Lucky muid", cuid mhaith mhór acu ag déanamh aithrise ar an saghas friotail chríóil a bhí cruthaithe san alt. Insíonn sé sin a scéal féin.

Tá claochlaithe móra tagtha ar phobal léitheoireachta na Gaeilge, fiú ó thosnaíos féin amach. Is cuimhin liom dul go dtí institiúid tríú leibhéal chun labhairt i dtaobh úrscéil dem chuid a bhí ar an gcúrsa. Bheadh sé i gceist an t-ábhar a phlé le grúpa mac léinn. Ach nuair a thosnaíos ar an bplé mar a mheasas, ba dheacair é.

Ní raibh an leabhar léite ag duine ar bith acu, ach iad á mheas go n-inseoinn dóibh cad a bhí ann chun go bhféadfaidís a gcuid ceisteanna a fhreagairt. Bíodh sin mar atá. Ní foláir nó tá sé deacair teagasc sna hinstitiúidí sin faoi láthair, gan a bheith ag tál de shíor orthu.

Ní theastaíonn uaim paidir chapaill a dhéanamh dem scéal féin, ná de scéal an cholúin seo. Ach ní mór rudaí áirithe a rá go neamhbhalbh.

Tá an colún seo ar díbirt leanúnach sa nuachtán seo le tamall de bhlianta. Is maith a thuigim féin é sin. D'oir dom fuineadh de réir na mine. Thosnaigh sé amach ar leathanach na n-ealaíon, chuaigh sé siar go cúl an tí, agus anois tá sé ar deoraíocht tamall eile.

Is mór an obair é nár leaindeáil sé ar leathanach na bhfógraí báis. Má sea féin, tá sé geall le bheith dodhéanta anois, de thoradh na síorchúngrachta, caidreamh folláin a bhunú i nGaeilge idir an focal scríofa amach as baclainn na litríochta agus pobal léitheoireachta.