Oireachtas na Bealtaine

Is é Risteard Mac Gabhann a osclóidh Oireachtas na Bealtaine go hoifigiúil san oíche amárach ag 8pm in Óstán Brandon, Trá Lí, …

Is é Risteard Mac Gabhann a osclóidh Oireachtas na Bealtaine go hoifigiúil san oíche amárach ag 8pm in Óstán Brandon, Trá Lí, Co Chiarraí.

Leanfar an ócáid sin le ceolchoirm le Peadar Ó Riada agus Seán Ó Sé. Geallann lucht an Oireachtais "réamhdhearcadh agus réamhéisteacht speisialta do phobal an Oireachtais ar thionscnamh atá idir lámha ag an mbeirt oirfideach seo."

Beidh Lá na nÓg ann Dé hAoine ina mbeidh tráth na gceist, damhsa céilí agus ceardlanna don mhuintir óga; beidh an Coimisinéir Teanga i láthair le heolas a thabhairt ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus bronnfar na Gradaim Chumarsáide ar iriseoirí agus chraoltóirí na Gaeilge an oíche sin ag 7.30pm.

Tabharfaidh craoltóir aitheanta eile, Dónall Ó Braonáin, Leascheannaire Raidió na Gaeltachta, caint tráthnóna Dé Sathairn ag 5pm ar "Máirtín Ó Cadhain agus dioscúrsa an dúchais" agus beidh ceolchoirm an Oireachtais ar siúl an oíche chéanna. Eolas: 085-7465657 nó www.antoireachtas.ie