Oireachtas Dhoire

'Ceann de na hOireachtais ab fhearr riamh," a dúirt bean a thaistil an bealach ar fad as Port Láirge chun freastal ar Oireachtas…

'Ceann de na hOireachtais ab fhearr riamh," a dúirt bean a thaistil an bealach ar fad as Port Láirge chun freastal ar Oireachtas na Gaeilge a bhí i nDoire an tseachtain seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Bhí Maidhc Dainín Ó Sé, a tháinig as Ciarraí, chomh sásta sin leis go ndearna sé steip rince ar bhallaí na seanchathrach, nó sin a dúirt sé. Is sa Guildhall, a rinne John Hume an fhéile a oscailt go hoifigiúil Dé Céadaoin, agus is ann a bhí Ceolchoirm an Oireachtais a craoladh ar TG4.

Bhí na céadta daoine ag siúl isteach agus amach as an Millennium Forum, mar a raibh seastáin ag na heagraíochtaí Gaeilge agus imeachtaí éagsúla ar siúl ann gach lá. Is ann a bhí na comórtais ardáin do dhaoine fásta, na hagallaimh bheirte, na lúibíní, an damhsa ar an sean-nós agus, ar ndóigh, na comórtais amhránaíochta ar an sean-nós.

Má bhí beagán míshásaimh ar Chonallaigh gurbh iad muintir Chonamara agus Ráth Cairn a rug leo arís formhór na nduaiseanna don sean-nós, is beag Connachtach nár shíl nach raibh Corn Uí Riada tuillte go maith ag Stiofán Ó Cualáin, feirmeoir as Baile na Cille, Leitir Mealláin.

READ MORE

Beirt as Baile Átha Cliath, Aodh Ó Domhnaill agus Micheál Ó Gruagáin a bhuaigh an chéad duais do na hagallaimh bheirte, ach ar ais go Conamara a chuaigh an chéad duais do na lúibíní. Beirt bhan as an Spidéal, Máiread Ní Fhlátharta agus Orla Ní Cheallaigh, a bhuaigh an chéad duais.

Ach ní comórtais ardáin amháin a bhí ar siúl ag an Oireachtas. Den chéad uair riamh is ann a fógraíodh buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin, gradam a chuireann Bord na Leabhar Gaeilge ar fáil don dá leabhar Ghaeilge is fearr deartha, cló agus ábhair, a foilsíodh i rith na bliana.

An drámadóir, Brian Friel, a bhronn seic €5,000 ar Liam Mac Cóil, údar Fontenoy agus €10,000 ar an fhoilsitheoir Leabhar Breac. Bhronn sé fosta €10,000 ar Cholmán Ó Raghallaigh, údar agus foilsitheoir An Táin, leabhar na bliana do pháistí.

Sheol Coiscéim glac leabhar agus seoladh dlúthcheirnín d'agallaimh bheirte, lúibíní agus d'amhráin nua-chumtha le Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill, albam nua ó mhórfhliúiteadóir Bhéal Feirste, Marcas Ó Murchú agus sraith nua teilifíse de chuid an BBC, Seanchaí. Ní móide féile ar bith eile sa tír a bhfuil an oiread sin éagsúlachta ann.

Beidh comhdháil lae ar na teangacha Ceilteacha in Iarsmalann Tuaithe agus Iompair Uladh, Cúil Trá, Ard Mhic Nasca, Co an Dúin, Dé Sathairn. Is ag 10am a thosóidh na léachtaí agus tabharfaidh seisear léachtóirí as Éirinn, Albain agus an Bhreatain Bheag, cainteanna i mBéarla ar an Ghaeilge, Gaeilge na hAlban, an Mhanainnis, an Bhreatnais, an Bhriotáinis agus an Chornais.

Eolas: 048-90395065 robbie.hannan@magni.org.uk