Obair Ultach

I mBUN OIBRE atá eagarthóir nua An tUltach , Gráinne Ní Ghilín (35), a scríobhann Pól Ó Muirí

I mBUN OIBRE atá eagarthóir nua An tUltach, Gráinne Ní Ghilín (35), a scríobhann Pól Ó Muirí. Tá eagrán amháin den mhíosachán Gaeilge i gcló aici cheana féin agus an dara heagrán idir lámha.

“Tá lucht léitheoireachta dílis againn,” a dúirt sí leis an cholún seo as a teach i mBéal Feirste agus í ag fágáil na bprofaí i leataobh.

Agus ní háibhéil ar bith an chaint sin ar dhílseacht na léitheoirí nó tá an iris i gcló ó 1924. Oiread chéanna le gach dream eile teanga, ba mhaith léi tuilleadh daoine óga agus foghlaimeoirí fásta a mhealladh le hailt ar chúrsaí litríochta, staire, teanga, spóirt agus teaghlaigh.

Sin “dúshlán” amháin atá ann, a dúirt sí, agus is maith mar a thuigeann sé na dúshláin áirithe a bhaineann leis an earnáil nó tá sealanna caite aici ina haistritheoir i gConamara agus leis an BBC sa Tuaisceart.

READ MORE

Ó thús ama, rinne An tUltachiarracht scríbhneoireacht chruthaitheach a fhorbairt (is ann a foilsíodh cuid de na chéad scéalta a scríobh Seosamh Mac Grianna, mar shampla) agus ba mhaith le Ní Ghilín leanstan den tacaíocht sin.

Thairis sin, a dúirt sí, áis an-luachmhar oideachais a bhí san iris agus ábhar ann do lucht A-Leibhéal agus cleachtaí gramadaí agus tuisceana a mbainfeadh daltaí meánscoile, thuaidh nó theas, tairbhe astu.

Dúirt sí gur ghearr go mbeadh suíomh Idirlín ag an iris ach, idir an dá linn, tá an iris i maoiniú síntiúsóirí tríd an phost.

  • Eolas: antultach@ymail.com