O'Toole cáinte

Cháin cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin, a raibh le rá ag an Seanadóir Joe O'Toole an tseachtain seo caite…

Cháin cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin, a raibh le rá ag an Seanadóir Joe O'Toole an tseachtain seo caite faoi éifeacht Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Is ábhar imní ag an Seanadóir O'Toole go gcuirfí airgead amú ar scéimeanna faoin Acht nach mbeadh éileamh ag an phobal orthu.

Dúirt Ó Cuinneagáin nach raibh an tAcht ach ag tabhairt seasamh dlíthiúil do chearta teanga agus nach raibh ó phobal na Gaeilge, bíodh siad sa Ghaeltacht nó taobh amuigh di, ach cothrom na Féinne. Mhol sé don Seanadóir "athsmaoineamh" a dhéanamh ar a dhearcadh i leith an Achta.