Ní ghéillfidh McGinley don bhrú faoi Bhille na Gaeltachta

TUARASCÁIL : NÍL SÉ i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley géilleadh don bhrú atá á chur air níos mó ama a cheadú…

TUARASCÁIL: NÍL SÉ i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley géilleadh don bhrú atá á chur air níos mó ama a cheadú don dhíospóireacht Oireachtais ar Bhille na Gaeltachta, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Chuir Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta i leith an Aire Stáit an tseachtain seo go raibh “an reachtaíocht is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de le trí scór bliain anuas” á bhrú trí Thithe an Oireachtais aige roimh bhriseadh an tSamhraidh gan aon phlé ceart a bheith déanta uirthi.

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag éileamh go gcuirfí siar reachtú an Bhille go dtí tar éis bhriseadh an tSamhraidh le go mbeadh tuilleadh ama ag daoine plé a dhéanamh ar an reachtaíocht Ghaeltachta.

Bhí an sceideal ama a bhí leagtha amach don Bhille san Oireachtas ina chnámh spairne sa Seanad chomh maith an tseachtain seo caite.

READ MORE

Agus an Bille á phlé sa Seanad Dé Céadaoin seo caite, d’iarr an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) ar Cheannaire an tSeanaid, Maurice Cummins (FG), ráiteas a rinne sé faoin méid ama a bhí ceadaithe don phlé ar an reachtaíocht a tharraingt siar.

Dúirt an Seanadóir Cummins: “It has taken 56 years for such a Bill and considering the progress on Committee Stage I think it will take another 56 years to complete it, in the way it has been dealt with.”

“Masla” ab ea é sin ar mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta, a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt sé go raibh an ceannaire ag déanamh “beag is fiú” de dhíospóireacht thábhachtach agus go raibh an Rialtas ag cur baic ar dhíospóireacht “daonlathach, oscailte agus chuimsitheach” maidir leis an reachtaíocht.

I ráiteas a d’eisigh sé, áfach, dúirt McGinley go raibh “allúntas ama an-réasúnta tugtha do Thithe an Oireachtais forálacha an Bhille a chíoradh go mion”.

Dúirt sé gur faoi Sheanadóirí agus Theachtaí Dála a bhí sé “féachaint chuige an úsáid is fearr a bhaint as an am a chuirtear ar fáil dóibh”.

Thug sé le fios go mbeadh díospóireacht de dheich n-uair an chloig déanta ar an mBille sa Seanad faoin am a gcuirfí críoch leis an bplé ar an reachtaíocht ann tráthnóna inniu.

Dúirt sé go dtabharfaí “beagnach an méid céanna ama don mBille nuair a thabharfaí os comhair na Dála é”.

Maidir le héileamh na n-eagraíochtaí teanga go gcuirfí siar reachtú an Bhille, dúirt McGinley “go raibh plé leanúnach poiblí ar siúl maidir le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta le blianta fada anuas agus go raibh an t-am tagtha chun gníomh fónta, dearfach a chur in áit na cainte”.

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí ón mbrúghrúpa Guth na Gaeltachta gur “mhór an náire í nach raibh a dhóthain ama á tabhairt le plé mar ba chóir a dhéanamh ar an mBille Gaeltachta.

“Agus muid ag fanacht 55 bliain le Bille Gaeltachta chun tacú leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, ní dhéanann sé aon chiall dúinn nach mbeadh an Rialtas sásta fiú fanacht cúpla mí eile leis an reachtaíocht ríthábhachtach, thromchúiseach seo a reachtú”.

Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha, gur léir ó líon na leasaithe a moladh i dtaobh na reachtaíochta sa Seanad go raibh an Bille “lochtach ar go leor bealaí”.

Dúirt sé go raibh sé “scannalach nach mbeadh deis ag na polaiteoirí – ná ag an bpobal – plé mar is cóir a dhéanamh air”.

Dhein Seanadóirí éagsúla cáineadh géar ar ghnéithe éagsúla den Bhille Gaeltachta nuair a pléadh an reachtaíocht sa Seanad an tseachtain seo caite.

Maidir leis an gcuid den Bhille a chuirfeadh deireadh leis na toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta, dúirt an Seanadóir neamhspleách Seán Barrett: “If the successors of General Franco were attempting to do to the Basque Country what we are doing to Gaeltacht areas, we would be protesting about it.”

Cuirfear críoch leis an bplé ar an mBille sa Seanad tráthnóna inniu. Agus an colún seo ag dul i gcló, bhí súil ag urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go gcuirfí tús le Céim a Dó den Bhille sa Dáil amárach.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times