Na poulets ag pilleadh

Beocheist: Cá bhfuil 'comhghuaillíocht na dtoilteanach' a bhí leis an 'divil an' all' a dhéanamh san Iaráic? Cá bhfuil na tíortha…

Beocheist: Cá bhfuil 'comhghuaillíocht na dtoilteanach' a bhí leis an 'divil an' all' a dhéanamh san Iaráic? Cá bhfuil na tíortha sin den 'Eoraip nua' a bhí ag tacú le George W. Bush ina chogadh mídhleathach?

Agus cá bhfuil an buachaillín bó, a mbíodh siúl Wyatt Earp faoi agus é reidh le sceimhlitheoirí an domhain a shocrú lena chara, Doc Blair?

Oíche Dhomhnaigh nuair a labhair Bush lena phobal chun a chur ina luí orthu go dtógfadh an iarracht san Iaráic níos mó ama agus go gcosnódh sé na billiúin dollaer níos mó na mar a ceapadh, bhí cuid den éirí in airde imithe.

Na maslaí sin a thugadh comhairleoirí George do na Francaigh agus na Gearmánaigh de bharr nach dtacódh siad leo ... ní raibh siad ach ag magadh, is cosúil. 'Lucht ite cáise?' 'Lucht déanta seacláide?' Níor dúradh riamh iad.

READ MORE

Má bhí corrbhuidéal Moet et Chandon agus greim Camembert á gcaitheamh sa bPálás de l'Elysée oíche Dhomhnaigh, ní thógfá orthu é. Tá na poulets ag pilleadh chez eux, mon cher, agus tá 'la veille Europe' ar ais i mbun na feirme.

Má bhí cuid den mórchúiseachas imithe as stíl Bush agus é ag iarraidh bronntanas Nollag a dhéanamh as ualach trom míleata agus eacnamaíoch na hIaráice, níor chaill sé aon chuid den sotal.

Seo agaibh duine a mhaígh go raibh Saddam Hussein ag obair ar airm núicléacha a dhéanamh agus go raibh airm léirscriosta cheimiceacha agus bhitheolaíochta aige. Thug sé féin agus a chonairt chogaidh le fios go raibh na hairm sin beagnach réidh le scaoileadh.

Nuair a a theip ar chigirí arm na Náisiún Aontaithe an fhianaise a fháil, maslaíodh iad as a mí-éifeacht agus as a saontacht. Bhí a fhios ag Meiriceá go raibh na hairm ann go cinnte.

Lena chruthú, thug Colin Powell seó sleamhnán saitilíte do chruinniú den "bosca cabaireachta cois Hudson", mar a thug Richard Pearle, comhairleoir an Uachtaráin, go tarcaisneach ar na Náisiúin Aontaithe.

Rinne sé iarracht freisin ceangal a dhéanamh idir Al Qaeda agus réimeas Saddam - bréag a bhí chomh seafóideach sin nár mhair sí ach seachtain.

D'ainneoin toil na Náisiún Aontaithe, chuaigh Meiriceá agus an Bhreatain chun cogaidh. Ceithre mhí tar éis do George Bush deireadh an chogaidh a fhógairt, ní bhfuarthas aon fhianaise go raibh aon arm mar seo ag an Iaráic.

Tá a fhios ag mórchuid mhuintir na Breataine anois gur ar chúiseanna bréagacha a cuireadh an cogadh gearr fuilteach seo. Ní fada anois go mbeidh a fhios ag pobal Mheiriceá.

Tá an Washington Post, nuachtán a leag uachtarán poblachtach eile, ag dul timpeall ar an Teach Bán faoi láthair mar a bheadh madadh rua ar chró na gcearc.

Go simplí, tá George Bush, Don Quixote an domhain 'shibialta' agus a ghiolla dílis Sancho Blair, tar éis praiseach a dhéanamh de. Anois tá siad ag teacht ar ais go dtí na Náisiúin Aontaithe chun a gcraicne a shábháil.

Agus an argóint atá á dhéanamh ag Bush? Go bhfuil an Iaráic anois ina páirc chatha dhomhanda in aghaidh na sceimhlitheoireachta mar go bhfuil Al Qaeda agus díormaí eile ag teacht isteach chun na Meiriceánaigh a ionsaí. Ach shíl mé go raibh siad ann cheana féin, a George?

Nach dána an mhaise dó. Má tá Al Qaeda san Iaráic anois ag comhoibriú le hiarsmaí d'arm Saddam, is iad Bush agus Blair a thug le chéile iad. Is iadsan a chruthaigh ina samhlaíocht féin an bogeyman seo, comhghuaillíocht d'fhórsaí agus d'airm mharfacha Saddam le Bin Laden mar chúis chogaidh.

Agus anois, má tá an tromluí á fíoradh, is iadsan a thug le chéile iad. Ar chuala mé buachaill beag ag scairteadh 'Mac tíre!' ait éigin?

Ar chóir do na náisiúin chiallmhara a chur in aghaidh an chogaidh seo an bille as an bpraiseach seo a íoc - i dtéarmaí airgid agus arm? Ba chontúirteach an sampla a leagfadh sé sin síos.

Cuimhnígí go bhfuil Bush tosaithe cheana féin ar an mbuaileam sciath céanna faoin Iaráin. Tuilleadh den 'old bull and bush'.

Is é firinne an scéil é go mbeidh ar na Náisiúin Aontaithe dul isteach san Iaráic luath nó mall - ar mhaithe le pobal na hIaráice féin, fiú. Ach níor chóir dóibh dul isteach gan chumhacht iomlán na tíre a bhaint de na Meiriceánaigh agus í a thabhairt ar ais do phobal na hIaráice.

Muna mbeidh Meiriceá sásta leis sin, cead acu a n-iomaire féin a threabhadh le 'comhghuaillíocht na dtoilteanach' a bhfuil jab chomh maith sin déanta acu go dtí seo.