Mo mhíle ghra-sa thall na nDeise

Ní raibh mórán Gaeilge ag mo mháthair nuair a bhogamar go dtí Gaeltacht na nDéise ag tús na 1970í

Ní raibh mórán Gaeilge ag mo mháthair nuair a bhogamar go dtí Gaeltacht na nDéise ag tús na 1970í. Bhíomar-ne, na páistí, ar bheagán Gaeilge freisin.

De réir a chéile d'fhoghlaim mo mháthair go leor Gaeilge agus shocraíomar go léir síos i bparóiste na Rinne i gCo Phort Láirge. Is í Gaeltacht na nDéise in iarthar Phort Láirge an tarna Gaeltacht is lú sa tír - is í Gaeltacht na Mí an ceann is lú.

Is cuimhin le mo mháthair cuid de na frásaí éagsúla a chuala sí sna blianta tosaigh a bhí úsáideach agus a chuaigh i bhfeidhm uirthi le rithim agus ceol a n-aithrise - bean amháin a rá go raibh sí "marbh leis na pianta"; fear eile a rá go raibh "an fhearthainn uainn go dona", agus fear eile agus "ní mar mhagadh í" á rá le m'athair fúithi féin nuair a thaispeáin sí go raibh sí in ann rud éigin deacair a dhéanamh gan aon stró uirthi.

Tá draíocht faoi leith ag baint leis an áit ar imeall chósta Phort Láirge - an spéir mhór, Sléibhte an Chomaraigh agus áilleacht na bhfaillte.

READ MORE

Agus b'fhéidir go gcothaíonn áilleacht na háite rud faoi leith sna daoine atá ina gcónaí ann mar tá spiorad na cruthaíochta an-láidir san áit. Tá traidisiún láidir ceoil, amhránaíochta, spóirt, ealaíon agus Gaeilge sa cheantar Gaeltachta seo.

Tá cáil bainte amach ag an ghrúpa Danú, ag amhránaithe ar nós Áine Uí Cheallaigh, Ann Mulqueen agus Chiaráin Uí Ghalbháin, an lúthchleasaí Oilimpeach Jamie Ó Coistín, an file Áine Uí Fhoghlú agus ealaíontóirí Bríd agus Róisín Ní Chionnaola, Réilín agus Bláithnín Clancy. I mbliana, don 17 bliain as a chéile beidh Aonach Ealaíon na Rinne, a thosaigh Séamus Ó Cionnfhaoladh agus a bhean Collette, ar siúl ar an 6 Lúnasa i dTigh Uí Mhaonaigh.

Clúdaíonn an Ghaeltacht dhá pharóiste: An Rinn agus An Sean Phobal. Cónaíonn thart ar 1,500 duine sa Ghaeltacht. Léiríodh sa daonáireamh deireanach i 2002 gur labhair thart ar 40 faoin gcéad de mhuintir na Gaeltachta Gaeilge ar bhonn laethúil. Agus is minic, eadrainn féin agus go poiblí, a ardaítear ceisteanna faoi staid na Gaeilge ar an leithinis agus máguaird.

Táimid go léir buartha mar gheall ar an teanga bheith ag sleamhnú uainn sa cheantar.

An bhfuil dochar déanta di, ach go háirithe ó thosnaigh go leor forbróirí ag tógaint scéimeanna daora tithíochta (thart fá €500,000 ar theach amháin) i lár na Gaeltachta, "ar na bánta míne, 's ar na móinéir chaoine", mar a deir an líne san iomann a chantar go rialta i Séipéal San Nioclás?

Scríobhann Lorcán Ó Muirí, atá ina údar ar dhréachtphlean trí bliana Chomhlacht Forbartha Ghaeltacht na nDéise 2006-2008, go bhfuil "ár dteanga dhúchais mar bhunchloch láidir in oidhreacht agus cultúr na Gaeltachta, ach tá brú ar an nGaeilge de shíor agus í faoi bhagairt".

Seolfar an plean seo san fhómhar. Beidh sé mar aidhm ag an gcomhlacht forbartha "deis a thabhairt don phobal a bheith rannpháirteach sa saol sóisialta, i gcinntí agus polasaithe áitiúla," a scríobhann sé.

Beidh sé mar aidhm ag an gcomhlacht forbartha daoine óga, neamhspleácha eolacha a fhorbairt agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil do pháistí na dúiche.

Beidh sé mar aidhm acu freisin a dhearbhú "go mbeidh an Ghaeilge agus cultúr saibhir an cheantair á gcaomhnú agus á neartú i measc an phobail" agus "gréasán pobail a chruthú a chinnteodh go mbeadh muintir na Rinne agus an tSean Phobail gníomhach agus rannpháirteach i saol laethúil an cheantair".

Tá traidisiún láidir iascaireachta sa Rinn, ach go háirithe amach ó ché Heilbhic agus cé Bhaile na nGall. Fostaítear níos mó na 100 duine i ndéantúsaíocht na mara sa Rinn, mar iascairí traidisiúnta, táirgeoirí éisc agus feirmeoirí oisrí. Tá tábhacht fé leith ag baint leis an déantús seo i saol eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair, dar leis an Muiríoch.

Tá dhá naíonra, dhá bhunscoil agus meánscoil amháin i nGaeltacht na nDéise agus reáchtáiltear cúrsaí Gaeilge i gColáiste na Rinne ó cheann ceann na bliana chomh maith.

Tá súil ag Údarás na Gaeltachta caighdeán ard maireachtála a bhaint amach do phobal na Gaeltachta, an Ghaeilge a bhuanú agus a chosaint mar theanga phobail agus thart ar 800 post nua sa bhliain a chruthú leis an éileamh ar fhostaíocht a shásamh, de réir bheartas forbartha an Údaráis 2005-2010.

Beidh Comhlacht Forbartha na nDéise ag iarraidh "acmhainní nádúrtha a fhorbairt ionas go mbeidh ard a maitheasa á bhaint astu"; a chinntiú go mbeidh "seirbhísí pobail láidre sa cheantar sa todhchaí" agus "lucht oibre cumasach a earcú agus caighdeán ard fostaíochta a chothú".

Níl na hócáidí poiblí ina labhraítear Gaeilge chomh flúirseach san a thuilleadh, dar liom féin, cé go mbíonn go leor ceolchoirmeacha, cruinnithe agus ócáidí Gaeilge ar siúl in áiteanna ar nós mheánscoil San Nioclás, Choláiste na Rinne agus Nemeton, an comhlacht léiriúcháin teilifíse, atá gníomhach i gcónaí i gcur chun cinn na Gaeilge.

Tá na páirceanna glasa ag imeacht agus tá go leor radharcanna loite ag na tithe móra. Tá méid na bhfeirmeoirí ag caolú de réir a chéile.

Tá coiste áitiúil ag iarraidh stad a chur leis an tógáil anois mar tá eagla orthu go bhfuil rud éigin ag imeacht, go bhfuil an rud rúndiamhrach sin - an teanga, an cultúr, an chomhthuiscint - a choimeádann pobal le chéile agus a chothaíonn teanga agus traidisiún beo ar tí titim as a chéile.

"Caithfimid an fód a sheasamh mar ní bheidh Gaeltacht anseo againn sna Déise muna ndéanfaimid troid ar a son," a dúirt Eibhlís Ní Dhonnchadha, ball den choiste, níos luaithe i mbliana nuair a eagraíodh cruinniú sa Rinn agus mórshiúl i nDún Garbháin chun aird a dhíriú ar an fhadbh timpeallachta sa cheantar.

Is seoid í an Rinn agus an Sean Phobal ó thaobh na Gaeilge de. D'fhéadfadh sé do chroí a bhriseadh uaireanta nuair a ritheann sé leat go mb'fhéidir go bhfuil rud buan, ársa, traidisiúnta, á chailliúnt ann..

Ní fios cad a tharlóidh sa todhchaí. Ach má éiríonn le Comhlacht Forbartha na nDéise cruthófar gréasán pobail a chinnteoidh go mbeidh muintir na Rinne agus an tSean Phobail gníomhach agus rannpháirteach i saol laethúil an cheantair, agus caomhnófar agus neartófar an Ghaeilge agus cultúr saibhir an cheantair ina measc.