Lorg na gCloch

DÉ LUAIN seo caite in Ard-Mhúsaem na hÉireann sheol an Seanadóir David Norris leagan DVD den ghearrscannán Lorg na gCloch a stiúir…

DÉ LUAIN seo caite in Ard-Mhúsaem na hÉireann sheol an Seanadóir David Norris leagan DVD den ghearrscannán Lorg na gCloch a stiúir George Morrison i 1971, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is é George Morrison a d’fhostaigh Gael Linn trí bliana roimhe sin chun stiúrthóireacht a dhéanamh ar an dá scannán fhada mhórchlú Mise Éire (1959) agus Saoirse (1960) a thugann léiriú ar an athbheochan náisiúnta ó dheireadh an 19ú haois go tús an Chogaidh Chathardha agus iad curtha le chéile as sean-nuachtscannáin agus as ábhar pictiúrtha eile a bhain leis an tréimhse.

Stair na hÉireann ón anallód, faoi mar a léirítear in ealaín na gcloch greanta, atá i Lorg na gCloch. Dúirt Morrison gurbh é ab fhearr leis de na scannáin go léir a rinne sé. Tá sé ar fail ó Ghael Linn ar €12.00.

TÁ FÉILE na Bealtaine le tosú ar an Daingean, Co Chiarraí, amárach agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí an Luan. Ar ócáidí móra na féile, beidh The Brendan Voyage le Shaun Davey agus ceolfhoireann RTÉ, ceol clasaiceach, damhsa, filíocht, amhránaíocht, taispeántais ealaíne agus drámaíocht. Eolas: 066-9151082 nó www.feilenabealtaine.ie

READ MORE

SEOLFAIDH an tOllamh Nicholas J.A. Williams leabhar nua, An Chríostaíocht le Sinsearacht (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) le Helen Ó Murchú Dé hAoine ag 6pm i Halla Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath.