'Little Englander'

Ní chuirfidh sé iontas ar dhuine ar bith le Gaeilge go bhfuair suirbhé amach go raibh mic léinn Éireannacha ar na mic léinn ba…

Ní chuirfidh sé iontas ar dhuine ar bith le Gaeilge go bhfuair suirbhé amach go raibh mic léinn Éireannacha ar na mic léinn ba mheasa i mbun labhairt theangacha na mór-roinne.

Thug an foilseachán Euro Student le fios gur beag cumas a léirigh Éireannaigh óga le teangacha Eorpacha agus nach dtiocfadh le leath na nÉireannach teanga mór-roinne a labhairt.

Aisteach go leor, níor léiríodh an bhinb chéanna sna tuairiscí ar an tsuirbhé seo agus a léirítear de ghnáth agus cúrsaí Gaeilge faoi chaibidil.

Iomrá ar dheireadh a chur le teagasc teangacha na mór-roinne ar scoileanna ní raibh. Focal faoi chur amú airgid nó faoi laige an tsiollabais nó faoi anchumas na múinteoirí ní bhfuarthas.

READ MORE

Cad chuige? Mar léiríonn tuairiscí nuachta meon an 'Little Englander' atá fréamhaithe go domhain i meon mórán Éireannach. Ní thógtar a n-anchumas sa Fhrainis, mar shampla, ar mhic léinn mar gur cheart do Sheoiní Eachtrannach Béarla a labhairt cibé.

Agus amharc ar a laghad anailíse a dhéantar ar an taighde seo sna meáin agus na himpleachtaí a bhaineann leis don tír seo. Tugtar le fios go bhfuil mic léinn Éireannacha lag. Agus sin a bhfuil de.

B'fhéidir gur mó spéis a chuirfeadh na mic léinn chéanna i dteangacha ach fios bheith acu go mbíonn teangacha de gach cineál úsáideach, go gcuireann siad lena gcumas intleachtúil agus go gcuidíonn siad ar bhealach an-éifeachtach le forbairt an duine.

Ach ba chontúirteach aird a tharraingt ar a leithéid ar eagla go ndéarfadh lucht na Gaeilge: "Told you so."

Ina áit sin, leantar den neamhspéis chiniciúil i leith teangacha. Drochthoradh a bheidh air sin don mheon Éireannach agus don duine a sheachnaíonn dúshlán teanga eile a labhairt.