Leigh Leat!

Bhí veain maisiúil na scéime Léigh Leat! istigh i bpáirc Chearnóg Mhuirfeáin i mBaile Átha Cliath maidin Déardaoin, a scríobhann…

Bhí veain maisiúil na scéime Léigh Leat! istigh i bpáirc Chearnóg Mhuirfeáin i mBaile Átha Cliath maidin Déardaoin, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Bhí scaifte páistí ó Ghaelscoil Míde ann lena gcuid balún, maraon le múinteoirí agus tuismitheoirí agus baill de chuid Bhord na Leabhar Gaeilge nuair a sheol an tAire Éamon Ó Cuív go hoifigiúil an scéim Léigh Leat! scéim a bhfuil sé mar aidhm leis daltaí bunscoile a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh.

Chuir Bord na Leabhar Gaeilge tús leis an scéim seo ar bhonn triaileach bliain ó shin. Ceannaíodh veain, bailíodh leabhair do pháistí ó na foilsitheoirí, cuireadh catalóg le chéile agus chuaigh an veain leis an stoc leabhar thart ar na gaelscoileanna i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus Ghaeltacht na Mí.

Bhí an oiread sin éilimh ar na leabhair gur cinneadh an scéim a leathnú amach agus tá stiúrthóir na scéime, Máire Uí Ágáin, agus an veain tar éis cuairt a thabhairt ar ghaelscoileanna ar fud Chúige Laighean, Thír Chonaill, Ghaeltacht Chonamara agus Luimnigh.

READ MORE

Tá súil aici cuairt a thabhairt ar Chiarraí san athbhliain agus má tá scoil ar bith sa cheantar sin nó i gceantar ar bith eile ar mhaith leo go dtabharfadh sí cuairt uirthi níl le déanamh acu ach glaoch ar oifig Bhord na Leabhar Gaeilge.

Tá thart faoi 90 teideal sa stoc aici, idir fhoilseacháin na gcomhlachtaí a fhaigheann deontas ón bhord, fhoilseacháin an Ghúim agus Chló Uí Bhriain. Tá lacáiste 40 faoin gcéad ar ghnáthphraghas an leabhair le fáil ag scoileanna agus pinn luaidhe agus rialóirí le fáil ag na páistí sin a cheannaíonn iad.

Dúirt cathaoirleach an bhoird, Vivian Uí Eachach, go raibh "an tionscnamh seo ar an gcor is tábhachtaí i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge le fada an lá.

"Is ionann an deis a thabhairt do dhaoine óga leabhar a léamh agus an seans a thabhairt dóibh nós a shaothrú a thabharfaidh taitneamh dóibh ar feadh a saoil."

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Bord na Leabhar Gaeilge ag 046-9430418 nó ag blg@leabhair.ie