Leabhair Nollag

AN bhfuil sé róluath leabhair don Nollaig a lua? Óps – ó tá sé déanta agam, tá sé chomh maith agam leanstan ar aghaidh…

AN bhfuil sé róluath leabhair don Nollaig a lua? Óps – ó tá sé déanta agam, tá sé chomh maith agam leanstan ar aghaidh.

Tá rogha dheas leabhar lándaite pictiúr díreach foilsithe ag Futa Fata agus Cló Mhaigh Eo. Is é Bridget Bhreathnach a scríobh Ní mise a rinne é! (Futa Fata €9.95) agus Donough O’Malley a mhaisigh scéal seo Shéimí, gasúr óg a bhíonn ag spraoi le hainmhithe nach bhfeiceann duine ar bith eile ach é féin.

Tógann sé gach taisme a tharlaíonn ar na neacha nach dtig le duine ar bith a fheiceáil agus gach aon “Ní mise a rinne é!” as a bhéal.

Tá na pictiúir go hálainn agus d’fhéadfadh duine óg – nó duine fásta gan mórán Gaeilge – an scéal a léamh. Ní mhillfidh mé an scéal ar fad. Is leor a rá nach dtig ciall le haois i gcás Shéimí ach go dtig ciall le heilifint!

READ MORE

Neach eile ar fad ar fad atá in Mise agus an Dragún (Futa Fata, €9.95) le Patricia Forde, scríbhneoir, agus Steve Simpson, maisitheoir. Ach béirín atá i gceist an iarraidh seo agus fonn air dul a sheilg dragún.

Tá na léaráidí go hálainn agus bainfidh samhlaíocht an bhéirín preab as an léitheoir. Arís, mheasfainn nach gcuirfeadh caighdeán na Gaeilge dua ar dhuine óg nó ar dhuine fásta nach bhfuil ar a chompord ar fad le Gaeilge.

Caithfidh mé a rá gur chuir Spidey (Cló Mhaigh Eo, €9) le Carmel Uí Cheallaigh, scríbhneoir, agus Fintan Taite, maisitheoir, eagla orm.

Níor mhaith liom a rá cén chríoch a thagann ar an damhán alla a aimsítear ar an urlár tigh s’againne.

Ach ó léigh mé an leabhar álainn seo le Séimí agus an tsuim atá aige sa damhán alla, b’fhéidir go ndéanfainn iarracht bheith níos tuigsí don damhán alla bocht as seo amach. Do léitheoirí os cionn ceithre bliana d’aois atá Spidey scríofa.

Do léitheoirí os cionn ocht atá An tOllamh Gorm (Cló Mhaigh Eo, €9) leis an scríbhneoir Gabriel Rosenstock agus an maisitheoir Carol Betera. An gcuirfeadh sé iontas ort a fháil amach go bhfuil spéis ag an Ollamh Gorm sa dath, gorm?

Agus is iomaí sin áit a aimsíonn sé an gorm céanna agus é ag taisteal. Línte simplí ceolmhara atá sa scéal agus pictiúir den scoth.

Scéal sorcais atá in Deora Draíochta (Cló Mhaigh Eo, €9) le Colmán Ó Raghallaigh, scríbhneoir, agus Olivia Golden, maisitheoir. Do léitheoirí os cionn ocht mbliana d’aois é seo agus tá greim maith scríbhneoireachta sa leabhar don léitheoir óg.

Eagla atá ar an fhear grinn, Cócó, go bhfuil deireadh leis an draíocht sa sorcas ach ná cuireadh sé iontas ar dhuine ar bith muna mbíonn.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times