Jab Gaelach

Sheol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Irishjobs.ie suíomh gréasáin earcaíochta dátheangach - www.irishjobs

Sheol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Irishjobs.ie suíomh gréasáin earcaíochta dátheangach - www.irishjobs.ie - an tseachtain seo caite.

Chuir siad an suíomh gréasáin seo ar fáil toisc an t-éileamh anois sa mhargadh fostaíochta do chainteoirí dátheangacha a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu.

Tá Irishjobs.ie den tuairim go spreagfaidh an suíomh fostóirí san earnáil phoiblí le tabhairt faoi earcaíocht ar-líne agus iad ag comhlíonadh a ndualgas faoin reachtaíocht a bhaineann le Gaeilge in Acht na dTeangacha Oifigiúla.

"Is é IrishJobs.ie an suíomh gréasáin earcaíochta is mó in Éirinn. Táimid tiomanta don chuimsitheacht shóisialta agus dá bhrí sin caithfimid an tseirbhís againn a chur in oiriúint do mhargadh atá de shíor ag dul i méid. Faoi láthair táimid ag tabhairt faoi leagan Gaeilge den suíomh chun freastal orthu siúd ar mhian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is féidir le fostóirí na folúntais a fhógairt anois i nGaeilge agus i mBéarla, gan aon chostas sa bhreis," a dúirt Kevin McDermott, stiúrthóir díolacháin IrishJobs.ie

READ MORE

Léirigh suirbhé ar IrishJobs.ie a rinneadh le déanaí go raibh meon thar a bheith dearfach i leith na Gaeilge i measc cuardaitheoirí poist.