'Is buntáiste speisialta í teanga i bhforbairt an gheilleagair'

TUARASCÁIL: ‘BUNTÁISTE SPEISIALTA is ea teanga dhúchasach i leith geilleagar nuálaíoch cliste a fhorbairt

TUARASCÁIL:'BUNTÁISTE SPEISIALTA is ea teanga dhúchasach i leith geilleagar nuálaíoch cliste a fhorbairt. Tragóid a bheadh ann dá ligfí le sruth acmhainn chomh suntasach agus uathúil léi agus is tuairim scanrúil é go nglacfaí lena leithéid."

Sin an bharúil a nochtann an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin ina leabhrán nua, Meon Gaelach, Aigne Nuálaíoch (Coiscéim, €10). Tugann Ó Brolcháin droim láimhe leis an tuiscint choitianta gur míbhuntáiste atá sa Ghaeilge agus gur buntáiste gan srian atá sa Bhéarla.

Scríobhann sé “go gcothaíonn an Ghaeilge caipiteal cultúrtha” trí “na nascanna idir féiniúlacht, mothúcháin, iomas agus ciall. Tá féidearthachtaí dochreidte ag an nGaeilge mar acmhainn ó thaobh féinfhollasú, íogaireacht do dhifríocht, samhlaíocht, brí agus cothú cáilíochtaí aestéitiúla de.”

Ar an láimh eile de, “tionchar cúigeach agus cúng atá an toradh atá le húsáid eisiach an Bhéarla, teanga mhór an domhain, in Éirinn”. Creideann sé go bhfuil “íomhá choilíneach an mháistir glactha ag cuid mhór de phobal na hÉireann, go mórmhór tráchtairí a bhfuil tionchar mór acu”.

READ MORE

Ag caint leis an cholún seo, dúirt sé gur “míthuiscint fhorleathan ar thábhacht an traidisiúin i gcúrsaí eacnamaíochta a spreag an saothar seo. An cuspóir a bhí agam ná argóint a sholáthar a chuirfeadh cor nua sa díospóireacht a bhí romhainn mar gheilleagar agus mar shochaí”.

Tugann sé tús áite do dhaonnacht an duine; is í sin an acmhainn is tábhachtaí agus is luachmhaire atá ag an phobal: “Tá fiúntas faoi leith in earraí agus seirbhísí ar chiall, eispéireas agus féiniúlacht. Mar sin, is iad na hacmhainní is luachmhaire ná siúd atá neamhinste – an tsamhlaíocht agus an inspioráid, mar shampla.

“Spreagann tréithe atá fréamhaithe sa dúchas na hacmhainní fiúntacha seo. Sin an fáth go soláthraíonn oidhreacht chultúrtha na hÉireann, ár dtraidisiún meafaireachta agus scéalaíochta, sárbhonn faoin chruthaitheacht.”

Ní chreideann sé gur constaic atá i dteanga nó i ndúchas. A mhalairt. Braitheann todhchaí iomaíochta ar dhúchas na hÉireann agus an teanga ach go háirithe. Is acmhainn láidir iad dúchas agus teanga a chuireann ar chumas an phobail bheith “chun tosaigh sa nuálaíocht”.

“Is tragóid é nach mbaintear i bhfad níos mó feidhme as saintréithe mar seo. Dá ndéanfaí amhlaidh, thiománfadh sin forbairt comhlachtaí dúchasacha agus todhchaí shochaí na tíre. Cinnte, sin an treo ceart do pholasaí nuálaíoch chun geilleagar cliste a bhaint amach,” a dúirt sé.

Scríobhann sé sa leabhrán gur buntáiste a thugann cultúr seasmhach do lucht gnó na Fionlainne agus na Seapáine, mar shampla, mar tuigeann siad cé hiad féin agus tá léargas ar leith acu ar an saol thart timpeall orthu.

Dúirt sé nár “dhéantán marbh frith-nua-aimseartha agus frith-gheilleagrach é acmhainn chultúrtha mar theanga, ach foinse dhinimiciúl agus uathúil.

“Is iad na tíortha a chuireann béim ar chaipiteal cultúrtha agus sóisialta a chothóidh na fiontraithe is cruthaithí chun cur go mór le caighdeán maireachtála tíre.

“Agus geilleagar na hÉireann athraithe ó bhun go barr, tá sé soiléir go soláthraíonn ár n-oidhreacht chultúrtha, saintréithe na hÉireann, an deis is fearr atá againn chun buntáiste iomaíoch a ghnóthú.”

SEOLFAIDH ANtOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Déan Scoil Chéimithe Ghnó Michael Smurfit, UCD, Meon Gaelach, Aigne Nuálaíoch, seachtain ón lá amárach ag 7.30pm ar Scoil Ghnó Smurfit, Ascaill Dhún Charúin, an Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath.