Ich bin ein Dubliner

BEOCHEIST: TÁ A fhios go maith ag muintir na príomhchathrach na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bheith i do chónaí…

BEOCHEIST:TÁ A fhios go maith ag muintir na príomhchathrach na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bheith i do chónaí i gcnoc seangán le milliún duine eile.

Tá draíocht éigin ag baint le cónaí i gcathair mhór, áit a mbíonn an rialtas féin lonnaithe agus áit a dtarlaíonn imeachtaí móra agus ócáidí tábhachtacha. Mealltar an t-aos óg go háirithe chun seal a chaitheamh i dtimpeallacht ina mbíonn rud éigin “ag tarlú” .

Má chuirtear leis sin an seans níos fearr chun post a fháil sa bpríomhchathair, ní hé “mealladh” an focal cuí don tarraingt sin ach éigeantas.

Ní hiontas é go bhfuil bailte agus ceantracha tuaithe tréigthe ag glúnta óga a ghlac an bóthar go Baile Átha Cliath. Ach an gá gur mar sin a d’fhanfadh cúrsaí?

READ MORE

Cé go ndearnadh go leor cainte craifí faoi bhánú na tuaithe agus faoi at na neascóide móire in oirthear na tíre, lean gach rialtas ó bhunú an Stáit ag beathú na neascóide.

Rinne an rialtas deireanach iarracht ar na ranna stáit a dhílárú ach bhí amhras dea-bhunaithe ann gur ar mhaithe le riachtanais pholaitiúla a rinneadh é sin. Cibé faoin aidhm, bheadh ábhar ceoldráma de chuid Gilbert agus Sullivan sa bpraiseach a rinneadh de.

Ní raibh sé de mhisneach ag aon rialtas stop a fhógairt, mar ar ndóigh, de réir mar a mhéadaigh daonra na príomhchathrach mhéadaigh a tábhacht pholaitiúil.

Mar sin, cuireadh agus cuireadh le cathair a tógadh sa 18ú haois go dtí go raibh fobhailte thart uirthi a bhí níos mó ná an chuid is mó de na cathracha eile sa tír. Mealladh na mílte daoine isteach sna contaethe thart timpeall ar Bhaile Átha Cliath agus tógadh mótarbhealaí go dtí contaethe níos faide amuigh chun oibrithe a thabhairt isteach inti.

Tá an fás seo tar éis fadhbanna tithíochta, pleanála, iompair agus sláinte a chothú. Tá brú millteanach curtha ar airgeadas an Stáit ag an bhfás gan teorainn seo ar chostas an chuid eile den Stát.

Tá Eagarthóir Timpealleachta an nuachtáin seo, Frank McDonald ag tabhairt foláirimh le blianta fada nach féidir leanúint le pleanáil a chuireann le sraoilleáil uirbeach nó “sprawl” mar a thugann sé uirthi. In aineoinn polasaithe atá dírithe ar an bhfadhb seo a réiteach, tá líonadh na bhfobhailte ag dul ar aghaidh ar luas mire.

Léiríonn figiúirí na ndaonáireamh scála na faidhbe.

I 1996, rinneadh meastúchán ar fhigiúirí an daonáirimh go mbeadh 36.2 faoin gcéad de phobal an Stáit ina gcónaí i mBÁC faoi 2031 agus go mbeadh 11.4 faoin gcéad ina gcónaí sa gceantar lár-oirthir. Sna figiúirí is déanaí a foilsíodh i mbliana tá 1,801,040 nó 39.3 faoin gcéad den bpobal ina gcónaí i mórcheantar na cathrach agus rachaidh sé seo suas go dtí 2.4m faoi 2026. Smaointigh ar impleachtaí na comhréire seo má bhíonn 5.6m daoine ar fad ina gcónaí sa Stát mar a mheastar.

Inseoidh aon duine a chónaíonn sa bpríomhchathair duit go bhfuil caighdeán an tsaoil íslithe de réir mar a tháinig fás as cuimse ar an daonra. Caitheann a lán daoine sa gcathair ceithre huaire an chloig gach lá stopaithe i dtranglam tráchta. Guíonn tuismitheoirí gach oíche nach mbeidh orthu freastail ar sheirbhísí éigeandála na n-ospidéal a bhíonn cosúil uaireanta le tromluí as úrscéal le Stephen King. Leis an gcúlú eacnamaíoch, tá an choiriúlacht ag méadú agus lucht díolta druganna i mbun gnóithe faoi sholas an lae. Maidir le hoideachas, bheadh ort leanbh a chlárú ceithre bliana sula dtagann sé ar an saol chun áit a fháil i scoileanna áirithe.

Is beag buntáiste atá tugtha léi ag an tubaiste eacnamaíoch seo. Ach ceann amháin acu is ea an t-athbhreithniú a chaithfidh muid a dhéanamh ar gach aon rud a bhaineann lenár saol eacnamaíoch. Tá seans againn dul ar ais go dtí an clár dubh agus tosnú arís. Ba chóir go mbeadh guth láidir ag na réigiúin san athbhreithniú sin….ag iarthar na tíre go háirithe.

D’fhéadfaí iarraidh ar an rialtas buntáistí luachmhara breise a chur ar fáil do thionscail a bheadh sásta iad féin a lonnú i mbailte taobh amuigh den bPáil, idirdhealú deimhneach a dhéanamh. Tá sé de mhíbhuntáiste dúbáilte ag an chuid eile de phobal an Stáit go gcailleann siad daoine óga chun cumhacht vótaí Átha Cliath a mhéadú fad is go laghdaítear a gcumhacht vótaíochta féin.

Ach tá Taoiseach ann anois a thuigfeadh na míbhuntáistí sin níos fearr ná éinne eile. Má tá tús nua le déanamh, bíodh cothrom na Féinne mar bhunús leis; ní amháin ar mhaithe leis an mhuintir taobh amuigh den bPáil ach ar mhaithe le cathair atá ag tarraingt go mall ar lánstad.

Má leantar le cúrsaí mar atá, beidh gach aon dhuine in ann a rá: “Ich bin ein Dubliner!” agus cead ag an Rialtas galfchúrsa a dhéanamh dá bhfuil fágtha.