Iarratais Iuil

Arís i mbliana tá duaiseanna luachmhara á dtairiscint ag Oireachtas na Gaeilge le haghaidh saothar litríochtaagus is é an chéad…

Arís i mbliana tá duaiseanna luachmhara á dtairiscint ag Oireachtas na Gaeilge le haghaidh saothar litríochtaagus is é an chéad lá Iúil an spriocdháta, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ba mhaith leis an Oireachtas aird scríbhneoirí a tharraingt ar dhá chomórtas ar leith.

Tá an chéad chomórtas (uimhir A13 ar an chlár) teoranta do scríbhneoirí idir 20 agus 35 bliain d'aois agus tá duais €2,250 le bronnadh ar chnuasach gearrscéalta nó úrscéal gairid a bheadh dírithe ar dhéagóirí nó ar an léitheoir fásta ach téama nó téamaí ann a bhaineann leis an saol sa lá atá inniu.

Tá an dara comórtas (A14 ar an chlár) dírithe ar scríbhneoirí os cionn 20 bliain d'aois nár foilsíodh aon leabhar próis Gaeilge leo cheana.

READ MORE

Ficsean éadrom nó liteartha a lorgófar sa chomórtas seo a bheadh dírithe ar dhéagóirí nó ar an léitheoir fásta agus téama nó téamaí ann a bhaineann leis an saol sa lá atá inniu ann.

Níl aon uasteorainn aoise leis an chomórtas seo. Tá duais €2,250 le bronnadh ar bhuaiteoirí an chomórtais seo chomh maith.

Eolas: 01-4753857 nó eolas @antoireachas.ie