Guth sa ghosta

Crobhingne: Tá eagla ar chách é a rá amach go díreach

Crobhingne: Tá eagla ar chách é a rá amach go díreach. Táthar ag dul timpeall air agus á láimhsiú mar a bheadh scolb na huibhe ann.

Tá sé ansin os ár gcomhair ar nós leannán a bhfuil eagla orthu rud ar bith a rá, ach go bhfuil a fhios acu go dearbh cad tá ina n-intinn acu. Is é taibhse an teaghlaigh é, an cnámharlach sa chófra, an rún rua rúnda nach bhfuil léamh, ná scríobh, ná insint bhéil air.

"Caith do vóta go moch is go mear is go minic," a chantaí in áiteanna sna contaetha soir ó thuaidh, agus i dtuaisceart thoghlach Bhaile Átha Cliath. Bhí aithne agam ar pholaiticeoirí mhac léinn ollscoile arbh é a mbuaic oiread vótaí bréige a stuáil i mboscaí comhairimh is ab fhéidir leo. B'iad a bhíodh mórálach as a gcuid caime, agus dháiltí na piontaí dá réir.

Bhíodh cleas ag cleas na Nigéire vótaí a dhícháiliú de réir bhardanna na vótóirí; agus nuair a taispeánadh go raibh An Nigéir ar an tír ba mhó breabaireacht ar domhan, baineadh a ainm den liosta le teann breabaireachta. B'iad na seadanna ar sileadh i bhFlorida na mBláth a thogh an t-uachtarán a chuir an cogadh ar bhochta an domhain.

READ MORE

Faoin am seo is beag duine neamhshaonta nach gceapfadh go bhfuil an córas daonlathach inlúbtha, agus inbhealaithe, agus incheannaithe. B'fhearr liom an rémhír "so-" sna samplaí úd, ach táim ag iarraidh a bheith réasúnta.

Féach leat, is mar seo atá. I gcás na vótála leicteonaí, is é eagla atá ar dhaoine ná go ndéanfar cleasaíocht agus cúbláil ar an gcomhaireamh. Ní féidir é sin a rá go hoscailte, agus go lom, agus go macánta mar go mbeifeá ag cur i gcás gur seansairí agus lúbairí agus alfraitsí ár lucht polaitíochta. Bheifeá ag cur i gcás go ndéanfadh siad rud ar bith le fanacht i gcumhacht. Bheifí ag cur i gcás gur mhó acu a gcuid postanna ná an córas daonlathach féin, an córas a dhein sibhialaigh seachas géillseanaigh dínn. Bheifí ag cur i gcás gurbh fhearr leo a bheith deachtóireach ná a bheith daonlathach.

Hé! Agus haigh! Cad is dóigh leatsa? Dá mbeadh rogha ag an bpolaiticeoir áitiúil seo agat go gcaillfeadh sé/sí an suíochán de réir ghuth an phobail, nó a choimeád trí na cúlbhealaí agus na pasáistí thiar agus na tricidiliúib, cé acu conair a rachadh go toildeonach?

Tuigeann pobal na hÉireann an méid sin, mar a thuigid gach uile ní. Tá amhras mór orthu i dtaoibh na vótála leictreonaí, mar go mb'fhéidir gur vótáil leictreoidí a bheadh ann. Ní hé gurbh fhearr leo buta pinn ná cnaipe snasta. Ná ní gurbh fhearr leo stráice garbh ar pháipéar seachas brú deas eolaíoch ar an bponc ceadaithe. Is ann nach bhfuil muinín acu sna polaiticeoirí. I ndeireadh na preibe agus i ndul faoi na gréine, is é is dóigh leo, dá mbeadh an chaoi acu, agus nach bhfeicfí an fhianaise, agus go bhfaighfí ar shiúl leis, agus go mbeadh cách chomh dall is a bhí riamh, go ndéanfadh an t-aos polaitiúil cibé rud ba ghá le greim a choimeád ar a n-urla féin den chumhacht. Is é sin le rá, is é a cheapann muintir na hÉireann go ndéanfaí cóiriú ar na hinnill vótála ionas go réiteofaí an toradh ceart, dá bhféadfaí é.

Iad siúd a ghlacann le breabanna, a ghabhann chun cogaidh in aghaidh toil na ndaoine, a sheachnaíonn ceisteanna dála, a deireann seo lá agus siúd lá eile, atá ina áis seirbhíse ag gnóluchtaí móra caipitlíocha, cé a déarfadh nach socródh siad rud chomh hísealchéimiúil le hanam ríomhaire?

Is é is suimiúla faoin vótáil leictreoideach ná gur guth san fhásach í, gur preab gan phromháil í, gurb aer an tsaoil í. Faigheann an cúistiúnaí an toradh atá uaidh leis an leictreoid, agus leis an mbior draíochta. Leis an vótáil aerach seo is amhlaidh gur gaois isteach agus baois amach a d'fhéadfadh a bheith ann. Cá bhfios? Nuair nárbh fhéidir le fealsaimh na meánaoiseanna freagra a thabhairt ar na ceisteanna sin nach bhfuil freagra réasúnta ar bith orthu tharraingíodh siad chucu an Deus ex Machina, an dia amach as an meaisín. Is Deus in Machina atá san vótáil leictreoideach. Tá an spiorad ansin laistigh den inneall ach níl teacht againn air. Ní féidir tadhall leis, agus is lú ná sin a ghabhann sé timpeall ag déanamh míorúiltí infheicthe agus ag insint scéalta. D'fhéadfadh, fiú amháin, nach é Dia ár bpáirtí féin a bheadh ann, ach dia bréige ó eiricigh isteach.

Nuair a vótálaim ar son Mucarlach Mac Maolbhlagaide is maith liom a fhios a bheith agam nach ar son !fx&*u2psáf^$£ atá triall mo vóta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar