Gruss Gott agus Dia duit

Beocheist: Ní fada ó fuair an Pápa Eoin Pól II bás ach cheana féin baineann sé le ré eile

Beocheist: Ní fada ó fuair an Pápa Eoin Pól II bás ach cheana féin baineann sé le ré eile. Bhí seachtain na sochraide ann agus bhí a oidhreacht ina mór-ábhar go ceann seachtaine eile. Ansin tar éis coicíse chas aird an phobail ar chomhthionól na gcairdinéal agus ní fada go raibh againn Beinidicht XVI, a scríobhann Éilis Ní Anluain

Cé go ndearna cinnirí polaitiúla agus creidimh an domhain tréaslú leis bhí ionadh agus díomá ar dhaoine eile agus iad á rá nach dtabharfadh sé aon aird ar thíortha taobh amuigh den Eoraip, nach dtiocfadh aon athrú ar theagasc na hEaglaise i leith moráltachta pearsanta agus go gcothódh sé easaontas nó siosma fiú.

In ainneoin cáil na húdarásachta bheith air b'fhacthas dom go raibh séimhe ag baint leis freisin agus caithfidh mé a rá go ndeachaigh sé i bhfeidhm orm nuair a dúirt an staraí an tSiúr Margaret MacCurtain gurbh fhear mór Beethoven é; seineann sé an pianó agus tá sé ráite aige go raibh "tragóid iomlán an duine i gceol Mozart".

Dúirt tuairiscí eile go raibh sé tugtha d'fhilíocht Ghréagach agus do Goethe agus bhí scéal deas sa Washington Times faoi Ghiúdach óg a rinne cúrsa spioradálta le Joseph Ratzinger tráth. Is é a chuir sé an buachaill ag léamh ná Aristotle, Plato, Dostoyevsky, Heidegger agus Thomas Mann.

READ MORE

Ní raibh ionadh orm a chloisteáil go raibh Beinidicht XVI den tuairim gur "briseadh tragóideach" iad na hathruithe atá tagtha ar an liotúirge ón Dara Comhairle Vatacánach. Caithfidh mé a rá go ndeachaigh an chantaireacht Ghréagórach ag sochraid Eoin Pól II go mór i bhfeidhm orm féin. Ní foláir - an Kyrie, an Gloria, an Hosanna agus an chuid eile ag teacht chun mo chuimhne trí cheo na mblianta - go mba chreimeadh seachas bláthú, ó thaobh mhistéir an tsearmanais agus líon na ndaoine a théann ann, toradh na n-athruithe a tháinig ar dheasghnáth an Aifrinn.

Chomh maith leis an chur amach atá ag an bPápa nua ar chultúr na hEorpa, agus an spéis ata aige i gcaomhnú thraidisiún liotúirgeach na hEaglaise, sna laethanta tar éis an toghcháin chuir iar-mhicléinn agus daoine eile a raibh aithne acu air béim ar a chumas cainte ar ábhar ar bith. Bhí amhras, áfach, le mothú ar fhormhór na dtráchtairí.

B'iontach mar sin, an t-athrú meanman sna tuairiscí ón Róimh an lá tar éis Aifreann an inshealbhaithe. Faoiseamh in ionad an amhrais. Cur síos á dhéanamh anois ar an chlaochlú ó Chairdinéal Ratzinger go Pápa Beinidicht XVI. Pearsa nua le hainm nua. B'iontach an tsearmóin a thug sé agus ní foláir nó go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar dhaoine agus gur ardaigh sé croíthe lena chaint chiúin shoiléir. Bhí áilleacht agus éifeacht leis na híomhánna a d'úsáid sé agus na tagairtí a rinne sé. An fásach agus an sáile, an t-aoire agus an t-iascaire, cion agus foighne, tonn ag éirí agus doras ag oscailt.

Nuair a dúirt sé go raibh go leor cineál fásaigh ann, tháinig an aiste a roghnaíos ag scrúdú Gaeilge na Meánteistiméireachta chun cuimhne, "Bochtaineacht sa lá atá inniu ann", mar go bhféadfaí dhá leath a dhéanamh de, bochtaineacht maoine agus bochtaineacht spioraid. Ba mhaith liom a cheapadh gur roghnaíodh an fear seo ina Phápa mar léiriú ar chreideamh go bhfuil cúram an spioraid ina bhunchloch fós ag an Eaglais.

Dúirt Matthias Mattusek leis an iris Spiegel, tar éis díospóireachta sa Goethe Institut anseo i mBaile Átha Cliath go raibh brón air a rá nach raibh an oiread sin ríméad ar Ghearmánaigh faoin bPápa nua. Bhí daoine eile den tuairim nach mbeadh bród orthu go ceann píosa fhada eile. Ina choinne, dúirt Príomh-Aire Iosrael, comh maith le cinnirí Giúdacha Mheiriceá agus na Gearmáine, go raibh siad sásta leis.

Ar oilithireacht chun na Róimhe 25 bliain, ní miste páirt a thabhairt dó sa scéal seo a insím mar fhianaise ar líofacht mo chuid Gearmáinise tráth. Ag ligean scíth dom i mbrú óige ar an Meán-Mhuir, d'fhiafraigh Gearmánach díom cén chuid dá tír as a dtáinig mé. D'fhreagraíos gurbh Éireannach mé ach go rabhas tar éis tamall a chaitheamh sa Ghearmáin, i mbaile an-bheaga bhí an-chóngarach do Marktl am Inn, áit dhúchais an Pápa a bhí le teacht, Beinidicht XVI.

"Gruss Gott," a deirtear sa chuid sin tíre seachas "Guten Tag" agus is é an míniú a thugtar air seo gur thug na manaigh leo é, leis an Chríostaíocht ó Éirinn, mar aistriú maith is ea é ar "Dia duit".