Grúpaí Gael

BUAILFIDH lucht na Gaeilge as Londain, Manchain, Learpholl, Coventry agus Glaschú le Glór na nGael i mBaile Átha Cliath Dé hAoine…

BUAILFIDH lucht na Gaeilge as Londain, Manchain, Learpholl, Coventry agus Glaschú le Glór na nGael i mBaile Átha Cliath Dé hAoine.

Tá Glór na nGael ag eagrú na hócáide mar chuid dá bhfeachtas leanúnach le nasc a chothú idir grúpaí teanga thar sáile agus in Éirinn.

Le cúpla bliain anuas, bhí cruinnithe ag Glór na nGael sa Ghearmáin agus i Nua-Eabhrac agus reáchtálann siad comórtas idirnáisiúnta, Global Gaeilge, le haitheantas a thabhairt d’obair na Gaeilge i gcéin.

Dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, go raibh siad ag iarraidh comhoibriú agus cumarsáid a chothú: “Tiocfaidh rannpháirtithe an chruinnithe le chéile i mBaile Átha Cliath le labhairt faoi spriocanna comónta agus céimeanna gur féidir a ghlacadh le guth níos láidre a chinntiú do phobal na Gaeilge sa Bhreatain.”