Gradaim leabhar

TÁ 12 leabhar ar ghearrliosta do na gradaim fhoilsitheoireachta, Gradam Uí Shúilleabhaín (Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta) …

TÁ 12 leabhar ar ghearrliosta do na gradaim fhoilsitheoireachta, Gradam Uí Shúilleabhaín (Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta) agus Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga) agus duaischiste €25,000 ar fáil.

Filíocht, stair, scríbhneoireacht chruthaitheach, scéalta as an mhiotaseolaíocht agus ceol atá ainmnithe don dá ghradam, a d'fhógair an láithreoir teilifíse, Páidí Ó Lionáird le linn na féile liteartha, Imram, an tseachtain seo caite.

Tá scríbhneoirí leis an nuachtán seo ina measc siúd atá san áireamh do Ghradam Uí Shúilleabháin. Tá Máiréad Ní Chinnéide, ainmnithe as a leabhar, An Damer – Stair Amharclainne (Gael-Linn) agus tá an file Gabriel Rosenstock aitheanta as Iqbal (Coiscéim), dréachtaí próis agus filíochta ó fhile mór na Pacastáine a d'aistrigh sé go Gaeilge.

I measc na scríbhneoirí atá in iomaíocht do Ghradam Réics Carló, tá an t-amhránaí Tadhg Mac Dhonnagáin le Peigín Leitir Móir (Futa Fata), bailiúchán amhrán agus rannta traidisiúnta Gaeilge atá cóirithe do pháistí na haoise seo.

Tá Colmán Ó Raghagllaigh san áireamh sa chatagóir chéanna le Deirdre agus Mic Uisnigh (Cló Mhaigh Eo), úrscéal grafach atá bunaithe ar an mhiotaseolaíocht.

Fógrófar buaiteoirí an dá chomórtas mí Dheireadh Fómhair i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, le linn Oireachtas na Gaeilge.