Giodam mor samhraidh

Seán Ó Riain Beocheist: Chomh luath is a dhún na scoileanna, tháinig claochló ar an mbóthar seo 'gainne

Seán Ó RiainBeocheist: Chomh luath is a dhún na scoileanna, tháinig claochló ar an mbóthar seo 'gainne. Bhuail scal ghréine sinn. An éide scoile ghruama caite ar leataobh. Ina hionad éadaí spleodracha, geal is trilseach. An páistí scoile iad nó spéirmhná óga?

Giodam an tsamhraidh faoi na buachaillí leis. Iad ag spaisteoireacht síos suas, féachaigí orainn, a chailíní. Dath curtha sa ghruaig ag cuid acu. Cad déarfadh na múinteoirí?

Nach méanar dóibh. Samhradh fada rompu, gan laincis, faoiseamh. Cén dochar má bhíonn siad ag siúl thart go giodalach péacógach. Gura fada buan iad.

Cúis lúcháir leis ag mo chomharsana ón Lucht Siúil a chónaíonn ar an ionad staid i mBaile na Lobhar. Cailín óg tagtha ar an saol. Eibhlín, ainm nua sa chlann. Fáilte romhat, a naíonáin, agus gura fada buan tusa leis agus do mhuintir uilig.

READ MORE

Scéal maith ag triúr de na mná atá bainteach le heagraíochtaí an Lucht Siúil, faoina dturas go Luimneach le haghaidh cruinnithe. Bhí leaba is lóistín curtha in áirithe acu roimh ré ach cad é mar ionadh a bhí ar bhean an tí nuair chonaic sí triúr Taistealaithe ar lic a dorais.

Ach d'éirigh go breá leo ar fad, an-chomhrá eatarthu. Dhá oíche a chaitheadar ann agus aithne mhaith acu ar a chéile ag deireadh na tréimhse sin. "Slán abhaile anois, a chailíní." Barróga geanúla.

Comhairle leis. "Bhfuil fhios agaibh gur féidir an-chabhair a fháil anois ag an duine go dteastaíonn uaithi an léitheoireacht a fhoghlaim. Bhíodh náire an domhain ar mo dheirfiúr féin ach fuair sí na ceachtanna agus anois tá an léamh go maith aici."

Bhí na mná ag gáire sa traein ar an mbealach abhaile. Ní raibh sé de mhisneach acu a rá le bean an tí - bhí sí chomh deas cabhraitheach sin - go raibh an léamh acu triúr cheana féin.

An-ambasadóirí don Lucht Siúil na mná seo. Tá Taistealaithe mar iad 20 uair níos líonmhaire ná na scabhaitéirí a tharraingíonn droch-cháil anuas ar an Lucht Siúil go léir.

Ní tharlaíonn aon rud sna bruachbhailte, deirtear. Mar sin isteach liom go dtí an chathair.

Bíonn saghas cluiche 20 ceist againn nuair a théann éinne isteach sa chathair. Go hiondúil cuirtear an cheist ar an té a bhí tar éis geábh a thabhairt ar an gcathair - "Bhuel, an bhfachais aon duine tábhachtach, aon celebs?" - agus bíonn ar an gcuid eile againn buillí faoi thuairim a thabhairt.

D'aimsíos beirt ó Fair City: Donal Maher go folláin ar a rothar agus Leo Dowling ina sheasamh ag soilsí tráchta. Níor bhacas leo, tá go leor trioblóidí dá gcuid féin acu ar an sobalchlár.

Bhí na mangairí éisc go bródúil i mbun gnótha i Sráid Uí Mhórdha is na faoileáin ag guairdeall timpeall go grágach os a gcionn.

An chuma ar dhaoine ar na sráideanna thart timpeall go raibh an saol dian go leor orthu, iad saghas caite amach. Ciúin iontu féin.

Thrasnaíos an Life ag druidim i dtreo na Saoirsí. Garda óg ag cur ruaig ar bhean a bhí ag lorg déirce lasmuigh den séipéal ar Shráid Thomáis. Nach raibh aon rud eile le déanamh aige?

Chuireas spéis in ainmneacha na siopaí, Pilgrim's Cafe, Brown Paper Envelop agus Grumpy Jack's. Spéisiúil ach nílid inchurtha le hainm Gaeilge san ionad siopadóireachta i nDubhghlas Chorcaí. Arán baile den scoth ar díol sa siopa áirithe seo, Ár n-Arán Difriúil.

Ach sin scéal thairis. An áit a rabhas faoi seo is an-cheantar é le haghaidh siopaí búistéara. Rud nach raibh tugtha faoi ndear agam roimhe seo ná na sciatháin sicíní is na muinéil chomh maith le gipis agus eagaois a bhí ar díol de réir an chileagraim. Comhartha go bhfuil an saol ag dul rite le daoine?

Ní raibh bia mar é á dhíol sna siopaí búistéara láimh le Sráid Grafton mar a bhí gach rud i bhfad níos galánta. Cuma mhaith ar na daoine, feisteas galánta, féinmhuinín acu astu féin mar ba léir ó na glórtha arda.

Ionadaithe ó chomhlacht teileafóin ar an tsráid ag iarraidh áiteamh ar dhaoine glaoch ar Big Brother chun an t-iarrthóir seo siúd a ruaigeadh nó a choiméad. Nach bhfuil aon rud eile le déanamh acu?

Ansin chonaiceas cúpla duine agus t-léine na nOilimpeacha Speisialta á caitheamh acu. Bhuaileas le bean i rith na gcluichí sin a bhfuil míchumas coirp ar a mac, Seán. "Tá súil agam," ar sise, "go n-athróidh rudaí anois agus nach mbeidh daoine ag stánadh ar Sheán agus é ina chathaoir rothaí."

Smaoiníos ar Thomás, mac carad, a bhfuil míchumas intinne air. Déagóir, é ag éirí cúthail, ní theastaíonn uaidh bogadh amach ón tigh. Cairde atá ag teastáil ó Sheán is ó Thomás. Níl gach rud ag brath ar an Rialtas.