Foláireamh Gormley á fhíoradh?

BEOCHEIST: TÁ TRÁCHTAIRÍ polaitíochta áirithe tosaithe cheana féin ar laigí an chomhrialtais nua a thabhairt chun suntais…

BEOCHEIST:TÁ TRÁCHTAIRÍ polaitíochta áirithe tosaithe cheana féin ar laigí an chomhrialtais nua a thabhairt chun suntais.

Ag cur an méid a gealladh le linn an toghcháin agus an méid atá á chur i gcrích faoi láthair atá siad agus tugann siad faoi deara bearna an-mhór.

Feiceann siad cosúlachtaí freisin idir plámás agus bolscaireacht an chomhrialtais dheiridh agus cur i láthair an Rialtais seo. Tá cuid acu ag fíafraí an bhfuil aon difríocht idir an dream seo agus an an dream ar thug muid bata agus bóthar dóibh?

Feictear dóibh go bhfuil an tuar ag teacht faoi thairngireacht John Gormley nuair a thug sé foláireamh do pháirtithe an fhreasúra ag an am gur chóir dóibh bheith curámach faoi na geallúintí a bhí á ndéanamh acu mar gur chúis aiféala a bheadh iontu.

READ MORE

Is fíor go bhfuil tost aisteach ar dhá pháirtí an Rialtais. Cuireann sé i gcuimhne an taoiseach Connachtach a chuala scéala faoin gcaisleán mór nua a bhí tógtha ag na Normannaigh i mBaile Átha Troim, Co na Mí. Bhuail sé bóthar lena arm agus é ag maíomh go leagfadh sé an dún míorúilteach nua seo. Roinnt seachtainí ina dhiaidh sin, d’fhill sé agus tost na marbh air féin agus ar a bhuíon armtha.

Ba léir dá phobal nár ionsaigh sé an caisleán ach dhiúltaigh sé glan aon fhocal mínithe a thabhairt uaidh.

Ar ndóigh, tuigfidh éinne a bhfuil Caisleán an Rí John sa mbaile sin feicthe aige gur dócha go bhfaca an taoiseach úd é agus gur baineadh scanrú putóige as féin agus as a lucht leanúna.

Roimh an toghchán, bhíodh buaileam sciath mar sin le cloisint ó Fhine Gael agus ón Lucht Oibre. Cá bhfuil an chaint a chualathas ó Fhine Gael le linn an fheachtais faoi fhoireann láidir bhagarthach a chur chuig ceannairí an Aontais Eorpaigh a bhainfeadh amach socrú nua airgeadais agus laghdú ar ár bpionós eacnamaíoch?

Cá bhfuil an chaint chróga a chualathas ó Fhine Gael faoi iarracht a dhéanamh ualach na bhfiach a roinnt le sealbhóirí sinsearacha bannaí? Agus nach é seo an páirtí a labhraíodh go réidh faoi gan “cent” amháin eile a chur isteach sna bancanna? Bhuel d’imigh sin agus tháinig seo.

Tá sé faighte amach ag an Aire Noonan agus ag Enda Kenny nach aon chladhairí cearrbhachais iad an dream atá ina suí ar an taobh eile den mbord uathu san Eoraip. Ní ghlacfadh Banc Ceannais na hEorpa le haon chaint faoi “roinnt an ualaigh” ná le haon bhagairt fiacha na mbanc a athstruchtúrú gan bhuíochas do thuairim na hEorpa.

Maidir le Páirtí an Lucht Oibre, tá sé tugtha faoi deara ag níos mó ná tráchtaire amháin gur cúis mhór aiféala anois le hEamon Gilmore an bhagairt sin “It’s Frankfurt’s way or Labour’s way”. Nuair a tháinig an crú ar an tairne, níor chaoch aon duine san Eoraip súil. Seasann an margadh a rinneadh, agus sin sin.

B’fhéidir go mbainfí amach laghdú beag ar ráta úis an airgid tharrthála atá á fháil againn amach anseo. B’fhéidir fiú go dtiocfar ar scéim tharrthála níos boige do thíortha na hEorpa ar fad a dtitfeadh a leithéid de thubaiste orthu. Ach is léir nach bhfuil mórán bá san Eoraip le cás na hÉireann agus fad is a sheachnaítear dochar do chóras baincéireachta na hEorpa féin, seasfar an fód.

Is é fírinne an scéil é go bhfuil na cártaí maithe go léir i lámha mhaindiríní na hEorpa. Gan an t-airgead atá á chur ar fáil ag Banc Ceannais na hEorpa, bheadh na bancanna s’againne as gnó ar fad. Má cheapann daoine gur bocht an scéal againne anois é, samhlaigh an scanrú putóige a bhainfí as daoine dá mbeadh doirsí na mbancanna faoi ghlas agus a gcuid meaisíní airgid dúnta síos ar fad.

Caithfear glacadh leis faoi láthair go bhfuil lámh eile ar stiúir eacnamaíochta an Stáit seo anois agus go bhfuil an Rialtas teoranta do réimsí áirithe rialacháin. Is é John Gormley a d’aithin é seo nuair a thug sé an foláireamh sin d’Eamon Gilmore i mí na Nollag seo caite. Dúirt sé go mbeadh Gilmore, mar Aire, ag éisteacht le cáineadh ó Shinn Féin agus go mbeadh air a mhíniú: “‘Caithfidh mé é seo a dhéanamh mar níl aon rogha agam’ na focail is measa le polaiteoir i ndaonlathas,” a dúirt Gormley.

B’fhéidir, mar sin, nár chóir an Rialtas nua a mheas fós ar rudaí nach bhfuil neart acu orthu. Ach céard faoi na rudaí a gheall siad a bhfuil neart acu orthu? An seasann Fine Gael fós le rogha a thabhairt don bpobal faoin Seanad agus an seasann an Lucht Oibre lena ngeallúint gan cháin a ghearradh ar thithe teaghlaigh? Agus cá bhfuil an phráinn le gearradh siar ar an tseirbhís phoiblí?

Is orthu sin a dhéanfaidh an pobal breithiúnas.