Filiocht na mBuilli

Tá Comórtas Filíochta Bhéal na mBuillí ar lorg iarratas anois ó fhilí na Gaeilge

Tá Comórtas Filíochta Bhéal na mBuillí ar lorg iarratas anois ó fhilí na Gaeilge. Tá €1270 ann mar chéad duais do dhán Gaeilge agus sé dhuais airgid eile ó €508 go €127.

Fógrófar na buaiteoirí agus bronnfar na duaiseanna ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí, Co Ros Comáin, a bheidh ar siúl ón 3ú go dtí 6ú Bealtaine.

Is é an file Pearse Hutchinson moltóir na bliana seo. Rugadh Hutchinson i nGlaschú i 1927 ach tógadh i mBaile Átha Cliath é. Tá 10 cnuasach filíochta foilsithe aige i nGaeilge agus i mBéarla. Faoi láthair, tá sé ag obair ar leabhar nua i nGaeilge agus foilseoidh Gallery Press mórdhíolaim dá chuid níos déanaí i mbliana. Tá foirm iontrála don chomórtas le fáil ó 078-33759 nó www.strokestownpoetryprize.com