Fianna Fáil ag troid in Éirí Amach na Cáise

BEOCHEIST: AR AIS chuig cáis! Cáis a thaitneodh leis an bPiarsach freisin mar ní amháin go bhfuil sé saor ach tá sé Gaelach. …

BEOCHEIST:AR AIS chuig cáis! Cáis a thaitneodh leis an bPiarsach freisin mar ní amháin go bhfuil sé saor ach tá sé Gaelach. Sin an áit a bhfuil muid tar éis na cóisire móire.

Nach bocht ár gcás?

Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil glicíní gasta na hEorpa ar ais ar thaobh an bhealaigh mhóir “ar phocaí falamha agus cloigeann tinn”.

Muna raibh an tóin tite as na brístí go dtí seo, tá anois. D’fhéadfaí ár gcuid náire a cheilt ach amháin gur thug an tAire Brendan Smith air féin a fhógairt ar Morning Ireland go raibh na tonnaí cáise faighte ag ár rialtas díograiseach ón gComhphobal chun na bochtáin a bheathú.

READ MORE

Ar ndóigh, níor mhínigh sé go raibh an scéim seo i bhfeidhm leis na blianta agus nach mar thoradh ar aon ghníomh a rinne an Rialtas go raibh an cháis shaor ar fail.

Cad é a thug ar an Aire tostach seo a leithéid a fhógairt? Sotal. Sotal agus “spin”.

“Stróc” ar an tseandóigh a bhí ann:

“Dhera, a Bhreandáin, caith isteach an scéal faoin tseanscéim cháise agus b’fhéidir go bhfaighidh muidne an chreidiúint as! Ní thuigfidh daoine go bhfuil an cháis seo ar fail ó 1987.”

Fiú dá mba é an Rialtas a chuaigh thar oíche agus a bhain an bronntanas cáisiúil seo ón gComhphobal, agus fiú má chuireann na heagraíochtaí carthanachta fáilte roimhe, níorbh í seo an dóigh lena fhógairt.

An toradh a bhí ar fhógra an Aire gur rugadh air amach is amach nuair a tháinig fírinne an scéil amach.

Ba chuma sin ach chuaigh an scéal amach ar na sreangseirbhísí nuachta idirnáisiúnta mar mhír ghrinn, rud a d’fhág an tír seo ina ceap magaidh os comhair an tsaoil.

Díreach ag an am nuair atáimid ag iarraidh dea-íomhá a chothú ar na margaí idirnáisiúnta.

Dá n-abródh an tAire go bhfuil muintir Gaza ag bailiú airgid chun long chabhrach a chur go hÉirinn, ní fhéadfadh sé beart níos fearr a dhéanamh.

Is léir ó thuairimíocht an phobail a ghlaonn isteach ar na stáisiúin raidió gur thuig daoine gur cleas suarach bolscaireachta eile a bhí ann.

Ar na cláracha fóin sin, chuir glaoiteoirí an eachtra seo leis an radharc a bhí feicthe seachtain roimhe sin de na hairí á dtiomáint chuig Farmleigh ina gcuid Mercs mar shamplaí de shotal agus d’easpa teagmhála an Rialtais.

Chonacthas é mar léiriú eile ar an mbealach nach dtuigeann Airí agus Teachtaí Dála fós mian an phobail gurb iadsan is túisce a ba chóir íobairt a dhéanamh agus gur chóir go mbeadh an íobairt sin feiceálach.

Caithfidh aon rialtas, an ceann atá ann anois nó an ceann a thiocfaidh isteach go luath, an teachtaireacht seo a thuiscint: tá an chóisir thart.

Tá an chóisir thart agus ní chuirfidh daoine suas a thuilleadh le dallamullóg agus le feall. Ní bheidh siad sásta feasta leis an bhfreagra gur ghlac polaiteoirí cheana féin le gearradh pá.

Má tháinig rud sláintiúil amháin as an tubaiste seo, is é sin gur léiríodh na rátaí scannalacha arda pá agus pinsin atá á bhfáil ag polaiteoirí, ag státseirbhísigh arda, ag feidhmeannaigh eagrais stáit agus ag daoine atá ceaptha ar bhoird ag an Rialtas.

Tá an pobal suaite freisin ag an bhfaisnéis atá tagtha chun cinn faoin mbealach inar caitheadh airgead cánach amú ar chostais agus ar chompord na mbocanna móra in eagrais ar nós FÁS. Suimeanna ollmhóra airgid caite ar earraí gan mhaith ar nós na meáisíní leictreonacha vótála.

Na milliúin curtha amú ar dhílárú na státseirbhíse agus ar fhoirgnimh fholmha a ceannaíodh ag barr an mhargaidh.

Suimeanna ollmhóra airgid curtha i gcuntas bainc in ainm forbairt chaidrimh le ceardchumainn a d’imigh gan tásc gan tuairisc.

Bóithre agus mótarbhealaí a tógadh ar na milliúin thar an gcostas a leagadh síos i meastúcháin.

Is beag seachtain le dhá bhliain anuas nár thug a scannal náireach féin léi.

Ach, b’fhéidir an rud is scannalaí ar fad nach raibh éinne ag faire, nach raibh aon duine ann chun stop a ghlaoch.

Ní dhéanfar dearmad air seo. Tá fearg adamhach ar nós an úráiniam cruthaithe ag an bhfaillí seo a mhairfidh i bhfad.

Má cheapann aon duine i nDáil Éireann gur féidir leo iarraidh ar ghnáthmhuintir na tíre dul ar oilithreacht Locha Dheirg ar feadh cúig bliana, fad is a mhaireann siadsan ar muin na muice, tá dul amú orthu.

Más ar ais chuig cáis atáimid, bíodh sí ar bhoird na n-uasal chomh maith le boird na n-íseal.