Festung Europa

Ní chun leas na hÉireann atá an dréachtbhunreacht atá ullmhaithe ag an Aontas Eorpach, a dúirt an tAthair Micheál Mac Gréil, …

Ní chun leas na hÉireann atá an dréachtbhunreacht atá ullmhaithe ag an Aontas Eorpach, a dúirt an tAthair Micheál Mac Gréil, Íosánach. Bhí sé ag tabhairt aitheasc oscailte Dhaonscoil na Mumhan i nDún Garbhán, Co Phort Láirge, Dé Sathairn seo caite.

Dúirt Mac Gréil gur "doiciméad an-dána" a bhí sa dréachtbhunreacht agus go gcuirfeadh sé deireadh le "neamhspleáchas bunúsach na hÉireann mar Stát. Bhunófaí Stát Aontaithe na hEorpa ina mbeadh na ballstáit ina gcúigí gan guth na saoirse chomh fada is a bhaineann sé le neodracht, polasaithe idirnáisiúnta agus féinriail." Ollstát nua a bheadh san Aontas Eorpach "ar nós Aontacht na bPoblacht Sóivéideach Sóisialta i slí".

Dúirt sé go raibh barraíocht cumhachta ag maorlathas lárnach an Aontais mar a bhí: "Is leasuithe dílárnaithe atá ag teastáil in áit a mhalairt. Rud eile, ní ón mbun ach ón mbarr a tháinig an t-éileamh lárnaithe."

Thacaigh sé le moladh an bhunreachta i dtaca le cairt cearta agus bhí súil aige go mbeadh "gach tír sásta glacadh léi chun cearta bunúsacha an uile dhuine a chosaint".

READ MORE

Mar sin féin, dúirt sé gur "daingean" a bheadh san Eoraip nua, daingean a choinneodh "inimircigh bhochta" taobh amuigh: "Spreagfaidh an bhearna éagórach seo éad agus fuath chomh maith le trioblóidí míleata idirnáisiúnta amach anseo. Ní síocháin go cothrom na Féinne idirnáisiúnta, chomh maith le cothrom na Féinne taobh istigh de na náisiúin éagsúla. Ní fheicim mórán sa bhunreacht seo a chuirfeadh le cothrom na Féinne ar leibhéal domhanda."

Bhí eagla air gur sháraigh Alt 15 den dréachtbhunreacht neamhspleáchas an Stáit. Éilíonn an t-alt ar bhallstáit tacaíocht a thabhairt do chomhpholasaí eachtrannach agus slándála: "An mbeidh aon bhrí le ballraíocht sna Náisiúin Aontaithe do bhallstáit Aontacht na hEorpa? ... Céard a bheidh le ceiliúradh againn in Éirinn in 2016 nó in 2022 AD?

"Beidh ár saoirse agus ár neamhspleáchas imithe taobh istigh de 100 bliain ón Éirí Amach ..."

Ba é a chomhairle gur cheart "sos a ghlacadh chun impleachtaí fadtréimhseacha a mheas. Níl na hathruithe ag teacht ó na gnáthdhaoine ach ó dhaoine ar bharr an mhaorlathais".