Feile dramai

Beidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl ar an Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, ag an deireadh seachtaine

Beidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl ar an Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, ag an deireadh seachtaine. Bainfear úsáid as dhá ionad le linn an deireadh seachtaine - Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus Scoil Mhic Dara.

Ag 8.30 p.m oíche Aoine, léireoidh Aisteoirí Mhic Easmuin Chun na Farraige Síos le J.M. Synge agus beidh Aisteoirí an Lóchrainn i mbun Scéal Chiarán Gruagach le Myles de Búrca.

Cuirfear tús leis na drámaí ag 11 a.m. Dé Sathairn le An Seomra Thuas Staighre le Deirdre Ní Chonghaile, á léiriú ag Cumann Drámaíochta na Gaoluinne, Ollscoil Chorcaí. Beidh An Ghráin agus an Ghruaim le hAlan Titley á léiriú ag Aisteoirí Bulfin ag 2.30 p.m. agus léireoidh Aisteoirí Bhréanainn Áine ag 8.30 p.m.

Beidh saothar nuascríofa, Taiscill, le Bairbre de Barra á léiriú ag an Chumann Drámaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dé Domhnaigh ag 1.30 p.m.

READ MORE

Ag 3 p.m. cuirfidh Compántas Chorcaí Cian is Cóngar le Dermot Bolger ar an stáitse agus beidh cóiriú Gaeilge le Seán Ó Morónaigh de Bearbóir Seville le hAisteoirí Chúil Aodha ag 6 p.m.

Bronnfaidh Leas-Phríomfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Deirdre Davitt, gradaim na féile oíche Dhomhnaigh ag 8 p.m., tráth a chraolfaidh RnaG clár beo ón láthair. Eolas: 091-574146 nó eolas@drama-gaeilge.com